Caibidil 2 Léigh agus scríobh Léigh faoi na teaghlaigh seo agus freagair na ceisteanna.
Is aisteoirí cáiliúla iad Will Smith agus Jada Pinkett. Tá beirt pháistí acu – mac amháin agus iníon amháin. Jaden agus Willow is ainm dóibh.
1. Cé mhéad páiste atá ag Will Smith agus Jada Pinkett? 2. Cad is ainm dóibh?
Bíonn scéal faoi na Kardashians ar an teilifís gach lá. Is í Kim an duine is cáiliúla. Tá beirt deirfiúracha agus deartháir amháin aici. Tá beirt leathdheirfiúracha aici freisin. Tá sí pósta le Kanye West agus tá triúr páistí acu.
3. Cé mhéad siblín agus leathshiblín atá ag Kim Kardashian? 4. Cé mhéad páiste atá ag Kim agus Kanye?
Tá clú agus cáil ar na Beckhams. Tá seisear sa teaghlach. Tá triúr mac agus iníon amháin ag Victoria agus David – Brooklyn, Romeo, Cruz agus Harper.
5. Cé mhéad duine atá i dteaghlach Beckham? 6. Cé mhéad páiste atá ag Victoria agus David?
Táim in ann daoine a chomhaireamh. fiche a naoi 29