Tá an triúr seo ag labhairt faoi théama an dáin ‘Ceist na Teangan’. Cé leis a n-aontaíonn tú? Léigh na tuairimí agus déan vóta sa rang!
Measaim gurb é Grá Tuismitheora téama an dáin. Ba mhaith leis an bhfile an Ghaeilge a chosaint, cosúil le tuismitheoir agus leanbh.
Sílim gurb é An Dúlra téama an dáin. Cuireann sí a muinín sa dúlra nuair a chuireann sí an báidín san abhainn.
Ceapaim gurb í An Ghaeilge téama an dáin. Tá imní ar an bhfile faoin nGaeilge. Tá an Ghaeilge cosúil le báidín beag ar snámh in abhainn. Níl a fhios aici cá rachaidh an báidín.