Itheann daoine go leor bia idirnáisiúnta na laethanta seo. Mar shampla: • D’oscail na chéad bhialanna Iodálacha i mBaile Átha Cliath sna 1930í. • D’oscail na chéad bhialanna Síneacha agus Indiacha i mBaile Átha Cliath sna 1950í. • D’oscail an chéad ollmhargadh Polannach, nó Polski sklep, in Éirinn sna 2000í.
Stór focal iasc
fish fia rua
torc allta sméara
T 10 Taighde agus cur i láthair
Labhair le duine i do theaghlach faoi oideas (recipe) traidisiúnta. Scríobh na comhábhair (ingredients) as Gaeilge i do chóipleabhar. Bain úsáid as d’fhoclóir nó as www.focloir.ie.
Cruthaigh cur i láthair ar PowerPoint nó Prezi. Cuir pictiúir air freisin. Déan an cur i láthair os comhair an ranga.
Féinmheasúnú
Luaigh dhá rud a d’fhoghlaim tú agus tú ag labhairt le duine faoi oideas traidisiúnta.