Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Rugadh Ryan Burnett i mBéal Feirste ar 21 Bealtaine 1992. Is dornálaí é. Tá sé cúig troithe ceithre horlaí ar airde.
Thosaigh sé ag dornálaíocht nuair a bhí sé an-óg. Bhí sé ina bhall de Chlub Dornálaíochta Holy Family le dornálaithe ar nós Paddy Barnes agus Carl Frampton.
Faraor, ní raibh gach rud breá éasca do Ryan. Bhí go leor fadhbanna aige. Mar shampla, bhí sé gan dídean ar feadh tamaill.
Tar éis sin, fuair Ryan drochscéal ó na dochtúirí. Dúirt siad go raibh fadhb lena inchinn agus gan troid arís. Níor chaill sé misneach, áfach.
Thosaigh a athair ag déanamh staidéir ar an inchinn. Léigh sé leabhair agus labhair sé leis na dochtúirí. Ar deireadh, chruthaigh sé go raibh Ryan ábalta troid!
Thosaigh Ryan ag troid arís. Nuair nach raibh sé ach cúig bliana is fiche d’aois, bhuaigh sé Craobh an Domhain.
Is léir gur duine cróga, sciliúil agus misniúil é Ryan. 5’4” tall
he was a member of boxers such as
fine and easy homeless for a while
brain; not to; he didn’t lose heart
proved
when he was only World Title
it is clear; courageous
Béal Feirste
Buntuiscint 1. Cén airde é Ryan Burnett? 2. Cén club dornálaíochta a raibh sé ina bhall de nuair a bhí sé óg? 3. Luaigh fadhb amháin a bhí ag Ryan. 4. Cén ball den chorp ar thosaigh athair Ryan ag déanamh staidéar air? 5. Cad a bhuaigh sé nuair a bhí sé cúig bliana is fiche d’aois?
Léirthuiscint
An aontaíonn tú leis an líne: ‘Is léir gur duine cróga, sciliúil agus misniúil é Ryan’? Cén fáth? Tabhair fáth amháin le do thuairim.