Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Heileo, is mise Dana. Táim cúig bliana déag d’aois. Is breá liom dul ar líne. Úsáidim Facebook agus Snapchat go rialta.
Postálaim ar Facebook agus ar Snapchat cúpla uair sa tseachtain. Cliceálaim ‘Is maith liom é’ go minic, uaireanta cúpla uair san uair!
Tá fón cliste agus táibléad agam. Cheannaigh mé fón nua le déanaí. Tá sé an-phraiticiúil. Seolaim a lán téacsanna ar Messenger nó WhatsApp, cúpla téacs san uair, b’fhéidir.
1. Cé chomh minic is a úsáideann Dana Facebook agus Snapchat? 2. Cé chomh minic is a phostálann Dana ar Facebook agus Snapchat? 3. Cé chomh minic is a chliceálann Dana ‘Is maith liom é’? 4. Cé chomh minic is a sheolann Dana téacsanna?
Bí ag caint!
Cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat. Bain úsáid as an tábla thíos. 1. Cé mhéad uair san uair a sheolann tú téacs? Seolaim téacs ... 2. Cé mhéad uair sa lá a sheiceálann tú d’fhotha Facebook? Seiceálaim m’fhotha … 3. Cé mhéad uair sa tseachtain a fhéachann tú ar Instagram? Féachaim ar … 4. Cé mhéad uair sa mhí a phostálann tú ar Snapchat? Postálaim ar … 5. Cé mhéad uair sa bhliain a cheannaíonn tú fón nua? Ceannaím fón nua …
uair amháin dhá uair trí huaire
Punann 6.2
Déan suirbhé faoin méid ama a chaitheann tú ar do ríomhaire. Tá suirbhé ar leathanach 40 de do phunann. Cuir na ceisteanna sin ar dhaoine eile sa rang. Dear píchairt chun na torthaí a léiriú.
ceithre huaire cúig huaire sé huaire
seacht n-uaire ocht n-uaire naoi n-uaire
deich n-uaire fiche uair
tríocha uair
Táim in ann labhairt faoi na meáin shóisialta i mo shaol. 172 céad seachtó a dó