Labhair Léirigh an t-agallamh seo leis an duine atá in aice leat.
1. An raibh tú san ospidéal riamh? Bhí. Bhí mé san ospidéal anuraidh.
2. Cad a tharla duit?
Bhí mé ag imirt peil Ghaelach le m’fhoireann. Thit mé go talamh agus bhris mé mo lámh.
3. Cad a tharla ansin?
Rith an bainisteoir chugam agus scrúdaigh sí mo lámh. Bhí a fhios aici go raibh sí briste.
4. An ndeachaigh tú go dtí an t-ospidéal?
Chuaigh. Bhí m’athair ag an gcluiche agus thug sé síob dom. 5. An bhfuair tú x-gha?
Fuair mé x-gha. Dúirt an dochtúir go raibh mo lámh briste. Chuir sí plástar Pháras ar an lámh.
6. Ar chuir an dochtúir aon chomhairle ort? Chuir. Mhol sí dom é a thógáil go bog.
7. Ar chaill tú aon lá scoile? Níor chaill, faraor!
8. Cá fhad a thóg sé ort a bheith ar ais ar do sheanléim arís? Trí mhí, an gcreidfeá! Bhí brón an domhain orm.
Scríobh Freagair na ceisteanna seo i do chóipleabhar. 1. Cén fáth a raibh Liam san ospidéal anuraidh? 2. Cé a scrúdaigh a lámh ar dtús? 3. Conas a chuaigh sé go dtí an t-ospidéal? 4. Cén chomhairle a chuir an dochtúir air? 5. Cathain a bhí sé ar ais ar a sheanléim arís?
Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna a d’fhreagair Liam (Ceisteanna 1–8) i do chóipleabhar. Ansin, cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat.
Táim in ann ceisteanna faoi thréimhse san ospidéal a fhreagairt. 302 trí chéad a dó