An script Ogham Is cineál scripte é Oghaim. Scríobh Éireannaigh Ogham ar chlocha idir 300 AD agus 800 AD.
Tá clocha Oghaim le feiceáil ar fud na tíre fós, go háirithe i gCiarraí agus i gCorcaigh. Tá go leor clocha Oghaim i músaeim ar fud na hÉireann freisin.
Is minic a bhíonn ainmneacha daoine tábhachtacha scríofa ar chlocha. Féach an sampla seo:
COILLABBOTAS MAQI CORBBI MAQI MOCOI QERAI Coillabus mac Corbos mac mhuintir Chiarraí Cáelbad, son of Corb, son of the people of Kerry