Labhair Léirigh an t-agallamh seo leis an duine atá in aice leat.
1. Cathain a rugadh thú? Rugadh mé ar an gcéad lá de mhí Feabhra – sin Lá ’le Bríde.
2. Cé mhéad duine atá i do theaghlach? Cé hiad? Tá cúigear i mo theaghlach. Is iad sin: mo Mham, mo Dhaid agus mo bheirt deirfiúracha. Is mise an páiste is sine.
3. Inis dom faoi do shiblíní.
Tá Ciara aon bhliain déag d’aois. Rugadh í ar an gcéad lá de mhí na Bealtaine. Tá Eibhlín trí bliana déag d’aois. Rugadh í ar an aonú lá is tríocha de mhí Dheireadh Fómhair. Sin Oíche Shamhna. Is í Ciara an duine is óige.
4. Inis dom faoi do thuismitheoirí. Leah is ainm do mo mháthair. Tá sí cliste agus cabhrach. Tá gruaig dhubh uirthi agus tá súile donna aici. Colm is ainm do m’athair. Tá sé fuinniúil agus cineálta.
5. An réitíonn sibh le chéile? Réitímid go han-mhaith le chéile.
Scríobh
Tá na habairtí seo bréagach. Ceartaigh iad i do chóipleabhar. 1. Rugadh Lauren ar an aonú lá déag de mhí Feabhra. 2. Tá beirt deartháireacha ag Lauren. 3. Is í Lauren an páiste is óige. 4. Leah agus Déaglán is ainm dá tuismitheoirí. 5. Ní réitíonn teaghlach Lauren go maith le chéile.
Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna a d’fhreagair Lauren (Ceisteanna 1–5) i do chóipleabhar. Ansin, cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat.
Táim in ann ceisteanna faoi mo theaghlach a fhreagairt. 46 daichead a sé