Léigh agus scríobh Léigh an cárta poist seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
A Chlár, a chara,
Conas atá tú? Tá súil agam go bhfuil tú i mbarr na sláinte! Táim ar saoire le mo theaghlach i Meiriceá!
Táim ag baint an-taitneamh as seo. Táimid ag fanacht in óstán compordach i Nua-Eabhrac.
Tá an chathair go hálainn. Tá sí ollmhór. Tá siopaí de gach sórt anseo. Is fearr liom na siopaí móra ar nós Macy’s agus Saks Fifth Avenue. Is féidir leat gach rud a cheannach sna siopaí sin! Cheannaigh mé cóta nua mar tá an aimsir an-fhuar anseo. Bhí sé ag cur sneachta inné!
Tá go leor le déanamh anseo. Chonaiceamar an Statue of Liberty, Central Park agus an Empire State Building. Chuamar i mbád go hOileán Ellis freisin.
Amárach, rachaimid go Brooklyn agus feicfimid Droichead Brooklyn. Táimid ag tnúth go mór leis.
Beidh mé ar ais Dé Céadaoin seo chugainn. Buailfidh mé aníos chugat!
Slán tamall! Seosaimhín
Greamaigh stampa anseo
Clár Nic Ruairí Ceanannas Mór Co. na Mí Éire
1. Cá bhfuil Seosaimhín agus a teaghlach ar saoire? 2. Cá bhfuil siad ag fanacht? 3. Cén sórt siopaí is fearr le Seosaimhín? 4. Cén sórt rudaí is féidir leat a cheannach i Macy’s agus Saks Fifth Avenue? 5. Cén fáth ar cheannaigh sí cóta nua? 6. Ainmnigh dhá áit a chonaic siad. 7. Cá ndeachaigh siad i mbád? 8. Cá rachaidh siad amárach? 9. Cad a fheicfidh siad ann? 10. An bhfuil siad ag tnúth leis?