Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
An scoil is mó ar domhan
Tá City Montessori School, nó CMS, suite in Lucknow san India. De réir The Guinness Book of Records, is é CMS an scoil is mó ar domhan.
Tá beagnach caoga míle (50,000) buachaill
agus cailín ag freastal ar an scoil. Tá na scoláirí idir ceithre bliana d’aois agus ocht mbliana déag d’aois. Tá timpeall dhá mhíle cúig chéad (2,500) múinteoir sa scoil freisin! De ghnáth, bíonn timpeall cúig scoláire is daichead (45) i ngach rang.
Tá go leor áiseanna agus seomraí in CMS. Mar shampla, tá níos mó ná míle (1,000) seomra ranga inti! Chomh maith leis sin, tá saotharlanna eolaíochta; ceaintín mór; oifigí do na rúnaithe, na múinteoirí agus an príomhoide; seomraí ceoil; seomraí ealaíne; leabharlanna; hallaí spóirt; spórtlanna; linn snámha agus páirc chruicéid. Tá timpeall tríocha míle (30,000) ríomhaire sa scoil freisin!
1. Cá bhfuil CMS suite? 2. Cé mhéad scoláire atá ag freastal ar an scoil? 3. Cén aois iad na scoláirí? 4. Cé mhéad scoláire a bhíonn i ngach rang? 5. Cé mhéad seomra ranga atá in CMS? 6. Liostaigh na seomraí agus na háiseanna atá in CMS.
attending; between around usually
facilities; more than as well as that secretaries
gyms; cricket field
according to
Táim in ann cur síos a dhéanamh ar áiseanna na scoile. céad fiche a seacht 127