B. Tá na habairtí san ord mícheart. Cuir san ord ceart iad chun cur síos ar cheolchoirm a scríobh. 1. Bhuail mé le mo chairde roimh an gceolchoirm. 2. Tar éis na ceolchoirme, fuaireamar an bus abhaile. 3. Chuaigh mé chuig ceolchoirm Beyoncé Dé Sathairn seo caite. 4. Ní dhéanfaimid dearmad ar an gceolchoirm sin go deo. 5. Tháinig Beyoncé amach ar stáitse ag 20.00.
C. Líon na bearnaí i do chóipleabhar. bodhrán
fuinniúil taitníonn Gaelach bus gach
Is mise Samir. ________ rac-cheol agus popcheol liom. Thar aon rud eile, áfach, is aoibhinn liom ceol ________. Taitníonn ceol Gaelach liom mar tá sé ________ agus beoga. Éistim le ceol ar an m________ ar scoil. Seinnim an ________ agus an giotár. Cleachtaim ________ lá.
Traic 37–38 Cluastuiscint
Cloisfidh tú fógra agus píosa nuachta sa chuid seo. Cloisfidh tú gach ceann díobh faoi dhó. Éist go cúramach leo agus freagair na ceisteanna i do chóipleabhar.
Fógra 1.Cén pictiúr a théann leis an bhfógra seo? A B
2. Cé mhéad euro a chosnóidh ticéid? (A) €5
(B) €15 (C) €50
C
(D) €500
Píosa Nuachta 1. Cén duais a bhuaigh Liam Ó Gallchóir? (A) an chéad duais san amhránaíocht (B) an chéad duais sa ghiotár clasaiceach (C) an chéad duais san aisteoireacht (D) an chéad duais sa rince céime
dhá chéad a naoi déag
2. Cé mhéad airgid a bhuaigh sé? (A) €30 (B) €130 (C) €300 (D) €330
219
Script: leathanach 129 de do Leabhar Gníomhaíochta.