GALWAY-MAYO INSTITUTE OF TECHNOLOGY
Riachtanais Iontrála
Ní mór go mbeadh a gcuid oideachais meánscoile curtha i gcrích ag iarratasóirí go dtí caighdeán atá inchomórtas leis an Ardteistiméireacht Éireannach. Cuirfidh an Oifig Idirnáisiúnta sonraí ar fáil maidir leis na híosriachtanais oideachasúla atá inghlactha le haghaidh aon tír ar leith. Tá na riachtanais a chuirtear i bhfeidhm mar atá sonraithe san eagrán reatha den leabhrán ‘Lár- Phróiseas Measúnaithe na nInstitiúidí Teicneolaíochta’ (IOTCEF) arna fhoilsiú ag Institiúidí Teicneolaíochta na hÉireann.
Ní mór d’iarratasóirí nach é an Béarla a dteanga dhúchais íosriachtanais Béarla a chomhlíonadh mar a dhéanann an Córas Tástála Idirnáisiúnta Béarla (IELTS) iad a mheas.
Riachtanais don Béarla Fhochéimí Iarchéimí
Gnóthachtáil Acadúil IELTS 5.5 nó a chóibhéis Dioplóma Ardscoile
IELTS 6.0 nó a chóibhéis Céim bhaitsiléara onóracha i ndisciplín gaolmhar. GPA 3.2+
Gnáthamh iarratais
Ní mór na hiarratais a bheith faighte san Oifig Idirnáisiúnta faoi 31 Bealtaine 2013, ar an bhfoirm iarratais oifigiúil (íoslódáil ó láithreán gréasáin na roinne idirnáisiúnta de láithreán gréasáin GMIT).
Ní mór na cáipéisí seo a leanas a bheith i dteannta an iarratais: • Cóip den phas
• IELTS nó teastas cóibhéiseach • Cóip theastaithe i mBéarla de na cáilíochtaí oideachais
Féadfar iarratais a chur leis an bpost chuig an Oifig Idirnáisiúnta, GMIT, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Gaillimh, nó ar rphost chuig
international@gmit.ie.
Déantar gach dícheall a chinntiú go ndéantar cinntí ar gach iarratas laistigh de dhá sheachtain ón uair a fhaightear iad. Áit a ndéantar tairiscint, baineann an coinníoll léi go mbeidh an táille faighte faoin dáta atá luaite ar an sonrasc atá in éineacht léi.
Comhaontuithe Comhoibrithe
Tá comhaontuithe foirmiúla i bhfeidhm ag GMIT le hinstitiúidí ardoideachais i roinnt tíortha ar a n-áirítear na Stáit Aontaithe, an tSín, an India agus an Araib Shádach. Cumasaíonn na comhaontuithe sin malartuithe neacha léinn agus foirne, ar nós na scéime Erasmus, agus éascaíonn siad comhfhiontair thaighde. Tá liosta cuimsitheach ar ár láithreán gréasáin.
Aontas na Neach Léinn
Is eagraíocht neamhspleách agus daonlathach é Aontas na Neach Léinn atá á reáchtáil ag na neacha léinn ar mhaithe le neacha léinn. Tugann sé cosaint do do chuid leasanna agus tá ionadaíocht aige ar an mBord Rialaithe, an Chomhairle Acadúil agus ar Bhoird Chláir na hInstitiúide. Riarann sé Siopa Áisíneachta Nuachta/ Stáiseanóireachta, Ionad Folláine, Seomra Caidrimh agus Dug Caife agus Oifig Faisnéise freisin a chuireann seirbhísí amhail fótachóipeáil agus ceangal, taisceadáin, saoráidí postála agus faisnéis ghinearálta ar fáil. Eagraíonn an tAontas na gníomhaíochtaí áineasa agus siamsaíochta go léir ar-champas freisin.
Cuimsíonn an tAontas Uachtarán, Leas-Uachtarán/Oifigeach Leasa agus Uachtarán Champas Chaisleán an Bharraigh a thoghtar go bliantúil ag cuallacht na neach léinn. Cuidíonn oifigigh fheidhmiúcháin pháirtaimseartha leo agus ionadaithe ranga a thagann le chéile ar bhonn míosúil. Tacaíonn bainisteoir ginearálta, comhordaitheoir gníomhaíochtaí, feidhmeannach cumarsáide agus cúntóir riaracháin le hoifigigh an aontais.
Tá leabhrán Treorach agus Leasa Neacha Léinn ar fáil ó oifig Aontas na Neach Léinn a thugann mionsonraí ar gach gné de shaol an neacha léinn. Le haghaidh breis faisnéise logáil isteach chuig
www.gmitsu.ie
Gníomhaíochtaí Seach-Churaclaim ag GMIT
Tugann Aontas na Neach Léinn tacaíocht agus maoiniú do gach club, cumann agus gníomhaíocht de chuid na neach léinn laistigh de GMIT. Riarann na neacha léinn gach club agus cumann go huile ar son na neach léinn. Cuireann gníomhaíochtaí seach-churaclaim deis iontach ar fáil do na neacha léinn bualadh le neacha léinn eile agus spéiseanna nua a fhorbairt. Is cuma céard iad na hábhair spéise atá agat, casfaidh tú gan teip ar dhuine éigin anseo a chomhroinneann leat iad. Is cuma conas is mian leat do chuid saorama a chaitheamh, beidh club, cumann nó gníomhaíocht ann duit. Agus mura bhfuil, cuir tús le do cheann féin le cabhair uainne.
Chun teacht ar a thuilleadh féidearthachtaí maidir le stíl bheatha ghníomhach a choinneáil ag GMIT fiosraigh le do thoil
www.gmitsu.ie.
Clubanna, Spóirt agus Gníomhaíochtaí
Más spéis leat bheith san iomaíocht ag leibhéal idircholáiste, tá foireann do gach spórt beagnach ag GMIT. Cuirimid ar fáil boghdóireacht, cispheil, rothaíocht, cluichí Gaelacha, karate, cadhcáil, rugbaí, sacar, eitpheil agus clársheoltóireacht gan ach beagán díobh a lua.
Más spéis leat bheith gníomhach, ach nach suim leat dul san iomaíocht, nó mura dteastaíonn uait ach roinnt spraoi a bheith agat, cén fáth nach nglacfá páirt i roinnt dár gclubanna neamhiomaíocha amhail badmantan, tumadóireacht, eachaíocht, sacar laistigh agus leadóg boird. Ag tús gach seimeastair, bíonn deis ag na neacha léinn cur isteach ar chúrsaí ocht seachtain i
45
Page 1 |
Page 2 |
Page 3 |
Page 4 |
Page 5 |
Page 6 |
Page 7 |
Page 8 |
Page 9 |
Page 10 |
Page 11 |
Page 12 |
Page 13 |
Page 14 |
Page 15 |
Page 16 |
Page 17 |
Page 18 |
Page 19 |
Page 20 |
Page 21 |
Page 22 |
Page 23 |
Page 24 |
Page 25 |
Page 26 |
Page 27 |
Page 28 |
Page 29 |
Page 30 |
Page 31 |
Page 32 |
Page 33 |
Page 34 |
Page 35 |
Page 36 |
Page 37 |
Page 38 |
Page 39 |
Page 40 |
Page 41 |
Page 42 |
Page 43 |
Page 44 |
Page 45 |
Page 46 |
Page 47 |
Page 48 |
Page 49 |
Page 50 |
Page 51 |
Page 52 |
Page 53 |
Page 54 |
Page 55 |
Page 56 |
Page 57 |
Page 58 |
Page 59 |
Page 60 |
Page 61 |
Page 62 |
Page 63 |
Page 64 |
Page 65 |
Page 66 |
Page 67 |
Page 68 |
Page 69 |
Page 70 |
Page 71 |
Page 72 |
Page 73 |
Page 74 |
Page 75 |
Page 76 |
Page 77 |
Page 78 |
Page 79 |
Page 80 |
Page 81 |
Page 82 |
Page 83 |
Page 84 |
Page 85 |
Page 86 |
Page 87 |
Page 88 |
Page 89 |
Page 90 |
Page 91 |
Page 92 |
Page 93 |
Page 94 |
Page 95 |
Page 96 |
Page 97 |
Page 98 |
Page 99 |
Page 100 |
Page 101 |
Page 102 |
Page 103 |
Page 104 |
Page 105 |
Page 106 |
Page 107 |
Page 108 |
Page 109 |
Page 110 |
Page 111 |
Page 112 |
Page 113 |
Page 114 |
Page 115 |
Page 116 |
Page 117 |
Page 118 |
Page 119 |
Page 120 |
Page 121 |
Page 122 |
Page 123 |
Page 124 |
Page 125 |
Page 126 |
Page 127 |
Page 128 |
Page 129 |
Page 130 |
Page 131 |
Page 132 |
Page 133 |
Page 134 |
Page 135 |
Page 136 |
Page 137 |
Page 138 |
Page 139 |
Page 140 |
Page 141 |
Page 142 |
Page 143 |
Page 144 |
Page 145 |
Page 146 |
Page 147 |
Page 148 |
Page 149 |
Page 150 |
Page 151 |
Page 152 |
Page 153 |
Page 154 |
Page 155 |
Page 156 |
Page 157 |
Page 158 |
Page 159 |
Page 160 |
Page 161 |
Page 162 |
Page 163 |
Page 164 |
Page 165 |
Page 166 |
Page 167 |
Page 168 |
Page 169 |
Page 170 |
Page 171 |
Page 172 |
Page 173 |
Page 174 |
Page 175 |
Page 176 |
Page 177 |
Page 178 |
Page 179 |
Page 180 |
Page 181 |
Page 182 |
Page 183 |
Page 184 |
Page 185 |
Page 186 |
Page 187 |
Page 188