GALWAY-MAYO INSTITUTE OF TECHNOLOGY
Seirbhísí don Neach Léinn
Am nua spreagúil agus dúshlánach atá ann do neacha léinn agus, aird acu air sin, tá mar aidhm ag an bhfoireann Seirbhísí don Neach Léinn raon seirbhísí a chur ar fáil chun cabhrú agus chun tacú le neacha léinn le linn dóibh a bheith ag an Institiúid.
An tAonad Sláinte Neacha Léinn
Déanann an tAonad Sláinte Neacha Léinn freastal ar riachtanais sláinte na neach léinn uile agus cuireann cumhdach éigeandála céad chabhrach ar fáil don Institiúid. Is iad na huaireanta oscailte ar Champas na Gaillimhe ná Luan go Déardaoin 9.00 am go 6.00 pm agus Aoine 9.00 am go 5.00 pm. Bíonn altra ag obair ann i gcónaí agus bíonn dochtúirí áitiúla i láthair san aonad 5 lá sa tseachtain agus cuireann siad seirbhís chuimsitheach DG ar fáil. Sa dá champas, Caisleán an Bharraigh agus Leitir Fraic, déanann na neacha léinn freastal ar Chleachtóir Ginearálta atá ainmnithe ag an Institiúid. Cuireann an tAonad Sláinte Neacha Léinn seirbhís chúraim d’ardchaighdeán ar fáil agus ról coisceach a bhfuil béim ar chur chun cinn na sláinte aici.
Comhairleoireacht
Cuireann an tSeirbhís Chomhairleoireachta comhairleoireacht agus teiripe ar fáil faoi rún ar gach campas de na ceithre champas, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Cluain Mhuire, Leitir Fraic agus Caisleán an Bharraigh. Saor in aisce atá an tseirbhís agus tugann na comhairleoirí tacaíocht éigeandála agus teiripe ar feadh téarma níos faide. Ar na saincheisteanna a chuirtear faoi bhráid na gcomhairleoirí tá fadhbanna acadúla, saincheisteanna pearsanta nó sóisialta, sláinte intinne chomh maith le fadhbanna leasa.
Seirbhís Gairme Beatha
Tá Comhairleoir lánaimseartha Gairme Beatha ar fáil san Institiúid. Is é is cuspóir leis an tSeirbhís Gairme Beatha ná cuidiú le neacha léinn cinntí eolasacha a dhéanamh faoina ngairm bheatha agus slite beatha a shainaithint a d’oirfeadh dá gcuid spéiseanna, dá bpearsantacht agus dá scileanna.
Baineann tábhacht ar leith leis na réimsí spéise seo a leanas do neacha léinn agus do chéimithe:
• Comhairle maidir le dul chun cinn
• Láithreoireachtaí comhlachta agus fógraí faoi fholúntais le haghaidh jabanna
• Aontaí Gairmeacha Beatha • Scileanna agallaimh, ullmhúchán litir mhínithe agus CV
An tSéiplíneacht
Cuireann an tSéiplíneacht cúram tréadach agus tacaíocht spioradálta ar fáil do neacha léinn a bhaineann le creideamh nó reiligiún ar bith agus saothraíonn chun pobal na hInstitiúide a fhorbairt tuilleadh. Lena chois sin, tugann an Séiplíneach tacaíocht in uair na héigeandála. Bíonn Séiplíneach ar fáil go lán-aimseartha i gcampais na Gaillimhe agus Chaisleán an Bharraigh. Cuireann an Séiplíneach seirbhís rialta ar fáil do na neacha léinn i gcampais Leitir Fraic agus Chluain Mhuire.
Mic Léinn faoi Mhíchumais
Níl baint ag GMIT le scéim DARE ach cuireann sí Bealach Forlíóntach Rochtana ar fáil do neacha léinn faoi mhíchumais. Déán teagmháil leis an Oifig Rochtana agus Mhíchumais, GMIT, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Gaillimh.
43
Ciste Tacaíochta Neacha Léinn
Féadfaidh neacha léinn a bhfuil deacrachtaí airgeadais orthu iarratas a dhéanamh don Chiste Tacaíochta Neacha Léinn chun cúnamh a fháil. Bíonn iasachtaí nó deontais ar fáil ag neacha léinn tar éis agallaimh faoi rún. Tá Ciste Cabhrach Neacha Léinn ann freisin chun cabhrú le neacha léinn cáilithíocha. Tá an Ciste Cabhrach Neacha Léinn ceaptha chun dul i ngleic le míbhuntáiste trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil do neacha léinn faoi mhíbhuntáiste a bhfuil gá acu le breis tacaíochta airgeadais le cur ar a gcumas leas iomlán a bhaint as a gcuid staidéir tríú leibhéal. Tá sé á mhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus é páirtmhaoinithe ag Ciste Sóisialta na hEorpa faoin gClár Oibríochtúil um Infheistíocht Caipitil Dhaonna 2007-2013.
Tá foirmeacha iarratais don dá chiste ar fáil ó Oifig Riaracháin na Seirbhísí Neacha Léinn.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach
http://www.gmit.ie/Life-at- GMIT/Student-Services/ nó aimsigh muid ar Facebook – Student Services, GMIT.
An Oifig Rochtana agus Mhíchumais
Cuireann an Oifig Rochtana raon tacaíochtaí agus seirbhísí ar fáil do neacha léinn atá ag cur isteach ar GMIT agus iad ag freastal ar chúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha san Institiúid. Éascaíonn sí comhionannas rochtana agus rannpháirtíochta do gach neach léinn.
Tacaíonn an Oifig le neacha léinn atá faoi mhíchumais fhisiceacha agus chéadfacha, neacha léinn le tinnis shuntasacha leanúnacha agus le neacha léinn faoi shaindeacrachtaí foghlama ar nós disléicse. Ba chóir do neacha léinn atá faoi mhíchumais teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Rochtana sula gcuireann siad tús lena gcúrsa nó chomh luath agus is féidir sa bhliain acadúil ionas gur féidir tacaíochtaí a chur ar fáil.
Is iad seo a leanas na tacaíochtaí atá ar fáil:
• Ionduchtú malartach • Iarratas ar an gciste do neacha léinn faoi mhíchumais
• Formáid mhalartach phrionta • Córas lúibe • Láthair ranga inrochtana • Tarchur le haghaidh measúnaithe shícheolaíoch
• Cúntóirí pearsanta • Seirbhísí aistriúcháin
• Glacadóirí nótaí • Meantóireacht • Tacaíocht foghlama duine-le-duine • Teicneolaíocht chúnta • Oiliúint ar theicneolaíocht chúnta • Tacaíocht acadúil duine-le-duine • Tacaíocht scrúdaithe agus cóiríochtaí scrúdaithe
• Seirbhís Fhótachóipeála
Page 1 |
Page 2 |
Page 3 |
Page 4 |
Page 5 |
Page 6 |
Page 7 |
Page 8 |
Page 9 |
Page 10 |
Page 11 |
Page 12 |
Page 13 |
Page 14 |
Page 15 |
Page 16 |
Page 17 |
Page 18 |
Page 19 |
Page 20 |
Page 21 |
Page 22 |
Page 23 |
Page 24 |
Page 25 |
Page 26 |
Page 27 |
Page 28 |
Page 29 |
Page 30 |
Page 31 |
Page 32 |
Page 33 |
Page 34 |
Page 35 |
Page 36 |
Page 37 |
Page 38 |
Page 39 |
Page 40 |
Page 41 |
Page 42 |
Page 43 |
Page 44 |
Page 45 |
Page 46 |
Page 47 |
Page 48 |
Page 49 |
Page 50 |
Page 51 |
Page 52 |
Page 53 |
Page 54 |
Page 55 |
Page 56 |
Page 57 |
Page 58 |
Page 59 |
Page 60 |
Page 61 |
Page 62 |
Page 63 |
Page 64 |
Page 65 |
Page 66 |
Page 67 |
Page 68 |
Page 69 |
Page 70 |
Page 71 |
Page 72 |
Page 73 |
Page 74 |
Page 75 |
Page 76 |
Page 77 |
Page 78 |
Page 79 |
Page 80 |
Page 81 |
Page 82 |
Page 83 |
Page 84 |
Page 85 |
Page 86 |
Page 87 |
Page 88 |
Page 89 |
Page 90 |
Page 91 |
Page 92 |
Page 93 |
Page 94 |
Page 95 |
Page 96 |
Page 97 |
Page 98 |
Page 99 |
Page 100 |
Page 101 |
Page 102 |
Page 103 |
Page 104 |
Page 105 |
Page 106 |
Page 107 |
Page 108 |
Page 109 |
Page 110 |
Page 111 |
Page 112 |
Page 113 |
Page 114 |
Page 115 |
Page 116 |
Page 117 |
Page 118 |
Page 119 |
Page 120 |
Page 121 |
Page 122 |
Page 123 |
Page 124 |
Page 125 |
Page 126 |
Page 127 |
Page 128 |
Page 129 |
Page 130 |
Page 131 |
Page 132 |
Page 133 |
Page 134 |
Page 135 |
Page 136 |
Page 137 |
Page 138 |
Page 139 |
Page 140 |
Page 141 |
Page 142 |
Page 143 |
Page 144 |
Page 145 |
Page 146 |
Page 147 |
Page 148 |
Page 149 |
Page 150 |
Page 151 |
Page 152 |
Page 153 |
Page 154 |
Page 155 |
Page 156 |
Page 157 |
Page 158 |
Page 159 |
Page 160 |
Page 161 |
Page 162 |
Page 163 |
Page 164 |
Page 165 |
Page 166 |
Page 167 |
Page 168 |
Page 169 |
Page 170 |
Page 171 |
Page 172 |
Page 173 |
Page 174 |
Page 175 |
Page 176 |
Page 177 |
Page 178 |
Page 179 |
Page 180 |
Page 181 |
Page 182 |
Page 183 |
Page 184 |
Page 185 |
Page 186 |
Page 187 |
Page 188