Bonnchlár/Clár Ealaíon Liobrálach (FETAC Leibhéal 5)
Beidh clár píolótach réamhiontrála oiliúna do dhaoine lánfhásta (CGVEC) á thairiscint ag an Oifig Rochtana agus ag Coiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe i Meán Fómhair 2012. Tá na cláir seo ceaptha le haghaidh daoine lánfhásta nach raibh baint acu le cúrsaí oideachais ar feadh tamaill nó a d’fhág an t- oideachas foirmiúil gan cháilíocht. Cuireann siad ar fáil do na rannpháirtithe na scileanna agus an t-eolas is gá le tabhairt faoi chlár staidéir lánaimseartha tríú leibhéal, agus téann rannpháirtithe a n-éiríonn leo ar aghaidh go dtí cláir phríomhshrutha in GMIT.
Níl sainriachtanais iontrála ar bith i gceist ach ní mór do na neacha léinn a bheith 21 bliain d’aois nó níos sine ar 1 Eanáir i mbliain na hiontrála.
Comhchláir Bhunaidh le hOllscoil na hÉireann Gaillimh
Cuireann GMIT, i gcomhar le NUI Gaillimh, dhá bhonnchlár ar fáil do neacha léinn lánfhásta ar mian leo cur isteach ar chláir i gceachtar den dá institiúid. Bíonn an Bonnchúrsa in Eolaíocht agus Innealtóireacht agus an Bonnchúrsa i nGnó agus Tráchtáil ar siúl dhá thráthnóna sa tseachtain agus roinnt maidineacha Sathairn.
Tacaíocht Rochtana do Neacha Léinn Lánfhásta
Cuireann an Oifig Rochtana tacaíochtaí ar fáil do neacha léinn lánfhásta sna réimsí seo a leanas: • Cúnamh leis an bpróiseas iarratais (LOI) • Faisnéis agus comhairle maidir le foinsí maoinithe • Ceardlanna scileanna staidéir agus cúrsaí a chuimsíonn • Teicníochtaí éifeachtacha staidéir • Glacadh nótaí go héifeachtach • Scríobh aistí • Teicníochtaí scrúdaithe • TF (tosaitheoirí)
Le haghaidh breis faisnéise, déan teagmháil le do thoil le: An Oifig Rochtana, GMIT, Teil: 091-742129
An Oifig Idirnáisiúnta
Is institiúid idirnáisiúnta í GMIT agus tá ionadaíocht ó sheachtó náisiúntacht sa phobal neacha léinn. Tá an Oifig Idirnáisiúnta freagrach as neacha léinn a earcú agus as faisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil le linn dóibh bheith sa choláiste. Tá mar chuspóir straitéiseach againn diminsean idirnáisiúnta a sholáthar dár neacha léinn Éireannacha trí fhoghlaim i gcomhar le heachtrannaigh in GMIT agus oideachas Éireannach acadúil agus cultúrtha a chur ar fáil do neacha léinn ón iasacht ag an am céánna.
Tá an Oifig roinnte ina dhá cuid, AE agus neamh-AE, agus féadtar teagmháil a dhéanamh léi @
gmit.ie nó 091-742456 / 091-742149.
Iarratasóirí AE
Tá saoránaigh AE incháilithe le cur isteach ar chláir GMIT ar an mbonn céanna le saoránaigh Éireannacha agus déanann siad iarratas don LOI go díreach nó do GMIT ar an ngnáthshlí (féach leathanach 33).
Déanann neacha léinn AE atá ag cur isteach ar GMIT faoi choimirce na gclár Erasmus nó Leonardo, a bhíonn urraithe ag an Aontas Eorpach, iarratas don Oifig Idirnáisiúnta. Ligeann Erasmus do neacha léinn staidéar a dhéanamh thar lear i gcoláiste AE ar feadh tréimhse ama, go tipiciúil seimeastar nó bliain acadúil. Gnóthaíonn neacha léinn aitheantas trí Chóras Aistrithe Creidiúna Eorpach (ECTS) ar staidéar a chuirtear i gcrích thar sáile agus féadfaidh siad na creidiúintí sin a úsáid i bpáirtchomhlíonadh a gcuid riachtanas acadúla coláiste sa bhaile.
Tá naisc fhoirmiúla ag GMIT laistigh de scéim Erasmus le tuairim is seasca coláiste ardoideachais agus ollscoil. Féadfar an liosta reatha a aimsiú sa roinn idirnáisiúnta de láithreán gréasáin GMIT. Cuireann na naisc sin ar chumas neach léinn ó GMIT agus ó institiúidí eile tréimhse staidéir thar lear a chaitheamh mar chuid dá n-eispéaras oideachasúil. Ar na buntáistí a bhaineann le taithí dá leithéid, a bhfuil an-mheas uirthi ag fostóirí, tá cumas i dteanga iasachta agus féin-mhuinín a fhorbairt, agus tuiscint a aimsiú ar chultúir eile.
Is í an Oifig Idirnáisiúnta in GMIT agus ár gcomhoibrithe iasachta a dhéanann na malartuithe a bhainistiú agus a dhéanann foirmeálta iad do gach neach léinn i ‘gcomhaontacht foghlama’, a bhíonn comhaontaithe roimh thaisteal dóibh.
Cothaíonn an clár Leonardo comhoibriú idir oideachas agus tionscal agus cuidíonn chun neacha léinn a chur ar thaithí oibre le cuid dá riachtanais chláir a chomhlíonadh.
Iarratasóirí Neamh-AE
Cuireann GMIT fáilte roimh iarratais ó lasmuigh den AE agus riarann an Oifig Idirnáisiúnta an próiseas iarratais do na cláir fhochéime agus iarchéime go léir.
44
Page 1 |
Page 2 |
Page 3 |
Page 4 |
Page 5 |
Page 6 |
Page 7 |
Page 8 |
Page 9 |
Page 10 |
Page 11 |
Page 12 |
Page 13 |
Page 14 |
Page 15 |
Page 16 |
Page 17 |
Page 18 |
Page 19 |
Page 20 |
Page 21 |
Page 22 |
Page 23 |
Page 24 |
Page 25 |
Page 26 |
Page 27 |
Page 28 |
Page 29 |
Page 30 |
Page 31 |
Page 32 |
Page 33 |
Page 34 |
Page 35 |
Page 36 |
Page 37 |
Page 38 |
Page 39 |
Page 40 |
Page 41 |
Page 42 |
Page 43 |
Page 44 |
Page 45 |
Page 46 |
Page 47 |
Page 48 |
Page 49 |
Page 50 |
Page 51 |
Page 52 |
Page 53 |
Page 54 |
Page 55 |
Page 56 |
Page 57 |
Page 58 |
Page 59 |
Page 60 |
Page 61 |
Page 62 |
Page 63 |
Page 64 |
Page 65 |
Page 66 |
Page 67 |
Page 68 |
Page 69 |
Page 70 |
Page 71 |
Page 72 |
Page 73 |
Page 74 |
Page 75 |
Page 76 |
Page 77 |
Page 78 |
Page 79 |
Page 80 |
Page 81 |
Page 82 |
Page 83 |
Page 84 |
Page 85 |
Page 86 |
Page 87 |
Page 88 |
Page 89 |
Page 90 |
Page 91 |
Page 92 |
Page 93 |
Page 94 |
Page 95 |
Page 96 |
Page 97 |
Page 98 |
Page 99 |
Page 100 |
Page 101 |
Page 102 |
Page 103 |
Page 104 |
Page 105 |
Page 106 |
Page 107 |
Page 108 |
Page 109 |
Page 110 |
Page 111 |
Page 112 |
Page 113 |
Page 114 |
Page 115 |
Page 116 |
Page 117 |
Page 118 |
Page 119 |
Page 120 |
Page 121 |
Page 122 |
Page 123 |
Page 124 |
Page 125 |
Page 126 |
Page 127 |
Page 128 |
Page 129 |
Page 130 |
Page 131 |
Page 132 |
Page 133 |
Page 134 |
Page 135 |
Page 136 |
Page 137 |
Page 138 |
Page 139 |
Page 140 |
Page 141 |
Page 142 |
Page 143 |
Page 144 |
Page 145 |
Page 146 |
Page 147 |
Page 148 |
Page 149 |
Page 150 |
Page 151 |
Page 152 |
Page 153 |
Page 154 |
Page 155 |
Page 156 |
Page 157 |
Page 158 |
Page 159 |
Page 160 |
Page 161 |
Page 162 |
Page 163 |
Page 164 |
Page 165 |
Page 166 |
Page 167 |
Page 168 |
Page 169 |
Page 170 |
Page 171 |
Page 172 |
Page 173 |
Page 174 |
Page 175 |
Page 176 |
Page 177 |
Page 178 |
Page 179 |
Page 180 |
Page 181 |
Page 182 |
Page 183 |
Page 184 |
Page 185 |
Page 186 |
Page 187 |
Page 188