This page contains a Flash digital edition of a book.
GALWAY-MAYO INSTITUTE OF TECHNOLOGY


Saoráidí agus Seirbhísí na hInstitiúide


An Leabharlann Seirbhísí Ríomhaireachta agus Saoráidí ICT An tAonad Idirchaidrimh Tionsclaíoch Foghlaim ar Feadh an tSaoil An tSaotharlann Teanga Saoráidí Lónadóireachta Saoráidí Baincéireachta Seirbhís Bus Cóiríocht


Seirbhísí do na Neacha Léinn An Oifig Rochtana An Oifig Idirnáisiúnta Aontas na Neach Léinn Cumann na gCéimithe


An Leabharlann


Cuireann Leabharlann GMIT raon leathan seirbhísí agus saoráidí ar fáil chun tacú le foghlaim, teagasc agus taighde na hInstitiúide. Tá leabharlanna ag GMIT ar cheithre champas: i nGaillimh, ag an Ionad Foghlama ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath, ag Cluain Mhuire ar Bhóthar Mhuine Mheá, agus ag Caisleán an Bharraigh agus Leitir Fraic chomh maith. Ar chlárú dóibh, déantar baill den leabharlann de na neacha léinn go léir agus úsáideann siad a gcárta aitheantais Institiúide mar chárta leabharlainne.


Tá níos mó ná 128,000 leabhar i leabharlanna GMIT agus tugann sí síntiús do 500 teideal tréimhseacháin phriontáilte a chuimsíonn gach réimse ábhair a ndéantar staidéar orthu san Institiúid. Lena chois sin, tá breis agus 20,000 tréimhseachán lántéacs ar fáil go leictreonach ag GMIT trí bhunachair sonraí síntiúis, a bhfuil cuid mhaith díobh ar fáil lasmuigh den láthair chomh maith le bheith ar fáil ar champas. Ar na foinsí leictreonacha tá seirbhísi breise taighde gréasán-bhunaithe, raon leathan teideal CD-ROM agus ábhar eile ilmheán. Tugann an leabharlann síntiús do 77,000 rLeabhar i ngach réimse ábhair agus éascaíonn rochtain ar bhonn 24/7.


Tá bailiúchán éagsúil DVDanna agus closleabhar ar fáil ar iasacht. Tá seirbhís bhabhtála leabhair ar siúl sa leabharlann d’fhonn an léitheoireacht a chur chun cinn. Cuirtear seirbhís iasachta idirleabharlainne ar fáil le haghaidh míreanna nach bhfuil ar fáil orthu inár leabharlanna.


Cuimsíonn an Leabharlann ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath Aonad d’Fhoghlaim Neamhspleách le haghaidh neach léinn le riachtanais


speisialta, Seomra Oiliúna TF, Seomra Ilmheán, Aonad Taighde, Seomra Cartlainne, Seomra Priontála agus sraith Seomraí Grúpstaidéir. Bíonn teicneoir páirtaimseartha ar fáil san Aonad Foghlama Neamhspleách Luan go hAoine ó 10am - 1pm chun tacaíocht agus oiliúint a chur ar fáil do na neacha léinn i bhfeidhmeanna cúnta teicneolaíochta.


Tá catalóg na leabharlainne ar fáil go díreach ag http://library.gmit.ie nó trí leathanach gréasáin GMIT ag http://www.gmit.ie. Déantar freastal ar chianfhoghlaimeoirí agus chianúsáideoirí le soláthar saoráidí ar líne tríd an idirlíon. Lean Leabharlanna GMIT ar Twitter agus Facebook atá inrochtana trínár leathanach baile leabharlainne ag http://library.gmit.ie


Seirbhísí Ríomhaireachta agus Saoráidí TFC


Is cuid dhílis iad teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) de na gníomhaíochtaí acadúla, riaracháin agus teicniúla go léir in GMIT.


Tá saotharlanna líonraithe ríomhaireachta ar fáil ar gach campas ag a bhfuil rochtain ar an idirlíon agus ar rphost ar fud na hInstitiúide. Baintear úsáid as PCanna Deisce chun rochtain a chur ar fáil ar raon feidhmchlár agus seirbhísí, amhail próiseáil focal, scarbhileoga, bogearraí bunachar sonraí, éagsúlacht leathan teangacha ríomhchláraithe agus sain-fheidhmchláir disciplín amhail dearadh ríomhchuidithe. Tá sainacmhainní ríomhaire ar fáil freisin le haghaidh taighde agus obair thionscadail.


Is forbairt úr agus nuálach é an tIonad Foghlama ar Champas na Gaillimhe, a chuimsíonn an Leabharlann agus an tIonad Teicneolaíochta Faisnéise. Déanann an foirgneamh seo, atá suaithinseach ó thaobh na hailtireachta de, freastal ar 700 léitheoir agus cuireann raon sainsaoráidí ar fáil sa Leabharlann. Tá 188 stáisiún oibre san Ionad TF, atá ar fáil do neacha léinn ar feadh an ama i gcomhair taighde, obair thionscadail agus tascanna, oiliúint ar líne agus tacaíocht foghlama agus teagaisc. San Ionad TF freisin tá seomra oiliúna atá lántrealmhaithe, stiúideo ilmheán, agus saoráidí teicniúla tacaíochta don Institiúid.


An tAonad Idirchaidrimh Tionsclaíoch


Cuireann an tAonad seo ar fáil don phobal, ar bhonn tráchtála, saineolas agus saoráidí na hInstitiúide. Éascaíonn sé obair Thaighde agus Fhorbartha ag baill foirne agus cuidíonn le neacha léinn agus céimithe le fiosrúcháin amhail staidéir ar thosuithe fiontar, staidéir féidearthachta, etc. Eagraítear cuid mhaith cúrsaí gearra i gcomhair gnó agus tionscail. Is í bunfhealsúnacht an Aonaid ná forbairt gnó agus fás a spreagadh tríd an nuálaíocht agus deiseanna fostaíochta a chruthú ar an gcaoi sin. Tá seirbhís trí Ghaeilge ar fáil.


Le haghaidh breis faisnéise déan teagmháil le: John Kennedy, Bainisteoir Seirbhísí Tráchtála


41


Page 1  |  Page 2  |  Page 3  |  Page 4  |  Page 5  |  Page 6  |  Page 7  |  Page 8  |  Page 9  |  Page 10  |  Page 11  |  Page 12  |  Page 13  |  Page 14  |  Page 15  |  Page 16  |  Page 17  |  Page 18  |  Page 19  |  Page 20  |  Page 21  |  Page 22  |  Page 23  |  Page 24  |  Page 25  |  Page 26  |  Page 27  |  Page 28  |  Page 29  |  Page 30  |  Page 31  |  Page 32  |  Page 33  |  Page 34  |  Page 35  |  Page 36  |  Page 37  |  Page 38  |  Page 39  |  Page 40  |  Page 41  |  Page 42  |  Page 43  |  Page 44  |  Page 45  |  Page 46  |  Page 47  |  Page 48  |  Page 49  |  Page 50  |  Page 51  |  Page 52  |  Page 53  |  Page 54  |  Page 55  |  Page 56  |  Page 57  |  Page 58  |  Page 59  |  Page 60  |  Page 61  |  Page 62  |  Page 63  |  Page 64  |  Page 65  |  Page 66  |  Page 67  |  Page 68  |  Page 69  |  Page 70  |  Page 71  |  Page 72  |  Page 73  |  Page 74  |  Page 75  |  Page 76  |  Page 77  |  Page 78  |  Page 79  |  Page 80  |  Page 81  |  Page 82  |  Page 83  |  Page 84  |  Page 85  |  Page 86  |  Page 87  |  Page 88  |  Page 89  |  Page 90  |  Page 91  |  Page 92  |  Page 93  |  Page 94  |  Page 95  |  Page 96  |  Page 97  |  Page 98  |  Page 99  |  Page 100  |  Page 101  |  Page 102  |  Page 103  |  Page 104  |  Page 105  |  Page 106  |  Page 107  |  Page 108  |  Page 109  |  Page 110  |  Page 111  |  Page 112  |  Page 113  |  Page 114  |  Page 115  |  Page 116  |  Page 117  |  Page 118  |  Page 119  |  Page 120  |  Page 121  |  Page 122  |  Page 123  |  Page 124  |  Page 125  |  Page 126  |  Page 127  |  Page 128  |  Page 129  |  Page 130  |  Page 131  |  Page 132  |  Page 133  |  Page 134  |  Page 135  |  Page 136  |  Page 137  |  Page 138  |  Page 139  |  Page 140  |  Page 141  |  Page 142  |  Page 143  |  Page 144  |  Page 145  |  Page 146  |  Page 147  |  Page 148  |  Page 149  |  Page 150  |  Page 151  |  Page 152  |  Page 153  |  Page 154  |  Page 155  |  Page 156  |  Page 157  |  Page 158  |  Page 159  |  Page 160  |  Page 161  |  Page 162  |  Page 163  |  Page 164  |  Page 165  |  Page 166  |  Page 167  |  Page 168  |  Page 169  |  Page 170  |  Page 171  |  Page 172  |  Page 173  |  Page 174  |  Page 175  |  Page 176  |  Page 177  |  Page 178  |  Page 179  |  Page 180  |  Page 181  |  Page 182  |  Page 183  |  Page 184  |  Page 185  |  Page 186  |  Page 187  |  Page 188