This page contains a Flash digital edition of a book.
GALWAY-MAYO INSTITUTE OF TECHNOLOGY


Iarratais Dhíreacha


Baintear úsáid as iarratas díreach do Ghnáthchéimeanna agus Chéimeanna Onóracha forlíontacha, d’aistrithe, don mhodúl sa mhodh ACCM agus do chláir a bhfuil taithí oibre ina riachtanas iontrála dóibh.


Iarratas


Ba cheart iarratais ar iontráil ar chláir ghnáthchéime forlíontaí nó chéime onóracha forlíontaí, nó ar aistriú go dtí an dara bliain nó blianta ina dhiaidh sin de chláir a dhéanamh go díreach chuig:


Oifig Iontrálacha, Oifig Ghnóthaí Acadúla, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Gaillimh.


Dáta Deiridh: 1 Bealtaine.


Cuirfear iarratais dhéanacha san áireamh le haghaidh áiteanna folmha.


Is ceann de na gnéithe uathúla a bhaineann le formhór na gclár de chuid GMIT an ‘córas dréimire’ chun cinn, faoinar féidir le neacha léinn dul ar aghaidh ó ardteastas go dtí céim bhaitsiléara agus/nó céim bhaitsiléara onóracha.


Polasaí Dul Chun Cinn GMIT


Tá neacha léinn a ghnóthaíonn pas sna scrúduithe ardteastais (Leibhéal 6) nó gnáthchéime baitsiléara (Leibhéal 7) incháilithe le dul ar aghaidh go dtí ábhar gaolmhar dámhachtana ag leibhéal níos airde, faoi réir ag infhaighteacht áiteanna.


Aitheantas agus Creidiúnú as Réamhfhoghlaim


Nuair a chláraíonn tú le haghaidh cláir in GMIT, seans go mbeimid in ann creidiúint a thabhairt duit as ábhair ar bith a bhfuair tú pas iontu ar chlár eile in institiúid nó in ollscoil eile.


Murar chuir tú clár i gcrích in institiúid eile, ach gur ghnóthaigh tú pas i ngach ábhar nó i roinnt ábhar de chuid na chéad bhliana, féadfaimid creidiúint a thabhairt duit trí dhíolúine a thabhairt duit ó na hábhair a bhfuair tú pas iontu - mar shampla, má ghnóthaigh tú pas sna hábhair uile sa chéad bhliain d’fhéadfadh sé go ligfí duit dul ar aghaidh go díreach go dtí bliain a dó. Is é a thugtar air sin ná Aitheantas as Réamhfhoghlaim (ARF). Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le ARF in GMIT féach www.myexperience.ie


Carnadh Creidiúintí agus Teastasú Modúl (CCTM)


Is scéim nuálach é CCTM faoinar féidir staidéar a dhéanamh ar bhonn an mhodúil aonair. Bronntar teastais mhodúil ar rannpháirtithe rathúla agus féadfar creidiúintí a charnadh i dtreo lándámhachtana. Déanann an Institiúid roinnt clár tráthnóna a thairiscint freisin tríd an scéim seo.


Tá formhór na gclár lánaimseartha ag GMIT ar fáil ar bhonn CCTM.


Roghnóireacht


Ní mheasfar mar bhailí ach iarratais a fuarthas faoin dáta dlite do sheisiún tairisceana an tsamhraidh. Féadfar iarratais dhéanacha a chur san áireamh i ndiaidh sheisiún athshuite scrúduithe an fhómhair, faoi réir ag infhaighteacht áiteanna.


I ndiaidh do thorthaí sheisiún scrúduithe an tsamhraidh a bheith foilsithe, beidh na critéir seo a leanas i bhfeidhm le haghaidh iarratasóirí ar áiteanna ar gach clár forlíontach:


(i) Déanfar áiteanna a thairiscint d’iarratasóiri GMIT, in ord laghdaitheach feidhmíochta, go dtí go mbeidh líon na n- áiteanna atá ar fáil ídithe. (Déanfar iarratasóirí ar na Céimeanna Onóracha i Mínealaín agus Dearadh i dTeicstílí a rangú de réir teaglaim d’fheidhmíocht acadúil agus d’agallamh/measúnú).


(ii) Má bhíonn áiteanna fós gan líonadh, déanfar áiteanna a thairiscint d’iarratasóirí seachtracha, in ord laghdaitheach feidhmíochta, go dtí go mbeidh líon na n-áiteanna atá ar fáil ídithe.


(iii) Tar éis torthaí scrúduithe sheisiún an fhómhair a bheith foilsithe, déanfar áiteanna ar bith a bheidh fós gan líonadh a thairiscint do na hiarratasóirí sin a mbeidh dámhachtainí GMIT gnóthaithe acu, in ord laghdaitheach feidhmíochta, go dtí go mbeidh líon na n-áiteanna atá ar fáil ídithe.


(iv) Ina dhiaidh sin, áit a mbeidh áiteanna gan líonadh fós, déanfar iad a thairiscint do gach iarratasóir cáilithe a bheidh fágtha, ar a n-áirítear iarratasóirí déanacha, in ord laghdaitheach feidhmíochta.


37


Page 1  |  Page 2  |  Page 3  |  Page 4  |  Page 5  |  Page 6  |  Page 7  |  Page 8  |  Page 9  |  Page 10  |  Page 11  |  Page 12  |  Page 13  |  Page 14  |  Page 15  |  Page 16  |  Page 17  |  Page 18  |  Page 19  |  Page 20  |  Page 21  |  Page 22  |  Page 23  |  Page 24  |  Page 25  |  Page 26  |  Page 27  |  Page 28  |  Page 29  |  Page 30  |  Page 31  |  Page 32  |  Page 33  |  Page 34  |  Page 35  |  Page 36  |  Page 37  |  Page 38  |  Page 39  |  Page 40  |  Page 41  |  Page 42  |  Page 43  |  Page 44  |  Page 45  |  Page 46  |  Page 47  |  Page 48  |  Page 49  |  Page 50  |  Page 51  |  Page 52  |  Page 53  |  Page 54  |  Page 55  |  Page 56  |  Page 57  |  Page 58  |  Page 59  |  Page 60  |  Page 61  |  Page 62  |  Page 63  |  Page 64  |  Page 65  |  Page 66  |  Page 67  |  Page 68  |  Page 69  |  Page 70  |  Page 71  |  Page 72  |  Page 73  |  Page 74  |  Page 75  |  Page 76  |  Page 77  |  Page 78  |  Page 79  |  Page 80  |  Page 81  |  Page 82  |  Page 83  |  Page 84  |  Page 85  |  Page 86  |  Page 87  |  Page 88  |  Page 89  |  Page 90  |  Page 91  |  Page 92  |  Page 93  |  Page 94  |  Page 95  |  Page 96  |  Page 97  |  Page 98  |  Page 99  |  Page 100  |  Page 101  |  Page 102  |  Page 103  |  Page 104  |  Page 105  |  Page 106  |  Page 107  |  Page 108  |  Page 109  |  Page 110  |  Page 111  |  Page 112  |  Page 113  |  Page 114  |  Page 115  |  Page 116  |  Page 117  |  Page 118  |  Page 119  |  Page 120  |  Page 121  |  Page 122  |  Page 123  |  Page 124  |  Page 125  |  Page 126  |  Page 127  |  Page 128  |  Page 129  |  Page 130  |  Page 131  |  Page 132  |  Page 133  |  Page 134  |  Page 135  |  Page 136  |  Page 137  |  Page 138  |  Page 139  |  Page 140  |  Page 141  |  Page 142  |  Page 143  |  Page 144  |  Page 145  |  Page 146  |  Page 147  |  Page 148  |  Page 149  |  Page 150  |  Page 151  |  Page 152  |  Page 153  |  Page 154  |  Page 155  |  Page 156  |  Page 157  |  Page 158  |  Page 159  |  Page 160  |  Page 161  |  Page 162  |  Page 163  |  Page 164  |  Page 165  |  Page 166  |  Page 167  |  Page 168  |  Page 169  |  Page 170  |  Page 171  |  Page 172  |  Page 173  |  Page 174  |  Page 175  |  Page 176  |  Page 177  |  Page 178  |  Page 179  |  Page 180  |  Page 181  |  Page 182  |  Page 183  |  Page 184  |  Page 185  |  Page 186  |  Page 187  |  Page 188