This page contains a Flash digital edition of a book.
Roghnóireacht Cláir Chéad Bhliana


Déanfar gnáthiarratasóirí a mheasúnú ar bhonn cáilíochtaí oideachasúla amháin cé is moite de na cláir shrianta.


Déanfar iarratasóirí a rangú bunaithe ar rátáil phointí na hArdteistiméireachta de réir Tábla 1. Déanfar na pointí a ríomh ar bhonn na sé ábhar is fearr in aon Ardteistiméireacht amháin. D’fhéadfaí riachtanais incháilitheachta i dtéarmaí ábhar Ardteistiméireachta a chomhlíonadh thar dhá Ardteistiméireacht nó níos mó.


Déanfar iarratasóirí a ghnóthaigh Ardteistiméireacht roimh 1992 a scóráil de réir Tábla 2.


Pointí Bónais don Ard-Mhatamaitic*


Cuirfear bónas de 25 pointe leis an scór pointí do D3 nó níos airde i Matamaitic ardleibhéil. Ní bhíonn na pointí bónais cuimsithe i ríomh na bpointí foriomlána ach amháin nuair a bhíonn an Mhatamaitic ar cheann de na sé ábhar is fearr tar éis an bónas a chur leis. Bronnfar pointí bónais is cuma cén bhliain ina ndearnadh an scrúdú.


Neacha Léinn Míchumasaithe


Ní cuid de scéim DARE í GMIT ach cuireann sí Bealach Forlíontach Rochtana ar fáil do neacha léinn míchumasaithe. Déan teagmháil leis an Oifig Rochtana agus Mhíchumais, GMIT, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Gaillimh.


Cláir Shrianta Baitsiléir Ealaíon in Ealaín agus Dearadh*


Iarrfar ar iarratasóirí freastal le haghaidh measúnaithe portfhóilió in Aibreán/Bealtaine. Tá 600 pointe ag dul don phortfhóilió: meastar pas a bheith gnóthaithe sa mheasúnú ag iarratasóirí a scórálann 240 pointe nó níos mó.


Cuirfear scór portfhóilió iarratasóirí incháilithe le pointí na hArdteistiméireachta (atá ríofa i dTáblaí 1, 2 agus 3 agus ar bhonn na sé ábhar is fearr in aon Ardteistiméireacht amháin) nó scór agallaimh más iarratasóir lánfhásta atá i gceist. Déanfar iarratasóirí a rangú ar bhonn an scóir iomláin sin.


* Déanfar iarratasóirí Ealaíne agus Dearaidh le dámhachtainí FETAC a rangú ar an scór comhiomlán amháin.


Tábla 1


Leibhéal Ard Gnáth A1 A2 B1 B2 B3 C1 C2 C3 D1 D2 D3


100 90 85 80 75 70 65 60 55 50 45


60 50 45 40 35 30 25 20 15 10 5


Tábla 2


Leibhéal Ard Gnáth A B C D


95 80 65 50


* Féach Pointí Bónais/ Ard-Mhatamaitic


Tábla 3


Nascmhodúil ‘Ábhar’ (LCVP) Pas Tuillteanas Gradam 30 points 50 points 70 points


* Féach Pointí Bónais/Ard-Mhatamaitic Scóráil FETAC


Ocht modúl a bhíonn i lándámhachtain FETAC de ghnáth agus is féidir iad a charnadh thar breis agus aon bhliain acadúil amháin. I gcásanna dá leithéid, is ar an iarratasóir atá an fhreagracht as iarratas ar dhámhachtain iomlán a chur isteach chuig FETAC.


Ríomhtar scór foriomlán pointí bunaithe ar na hocht modúl atá curtha i láthair. Le haghaidh modúl a bhfuil luach creidiúna de 1 acu, bronntar scóir mar seo a leanas:


Pas/Pass: 20 pointe


Tuillteanas/Merit: 35 pointe Gradam/Distinction: 50 pointe


Má bhíonn luachanna creidiúna níos lú nó níos mó ná aon, déantar na creidiúintí a choigeartú dá réir. Ar an gcaoi chéanna, déantar scóir a choigeartú chun leibhéal an mhodúil a chur san áireamh. (Féach www.cao.ie agus www.fetac.ie)


Tabhair faoi deara


Beidh Córas Comónta Dámhachtainí (CAS) á thabhairt isteach ag Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC) ó 2013. Cuirfear teorainn de 400 leis na pointí. Tabharfar aitheantas do dhámhachtainí oidhreachta agus déanfar iad a scóráil faoi sheanchóras scórála FETAC.


Foilseofar sonraí iomlána faoin gcóras nua scórála agus faoi na cláir ar láithreán gréasáin FETAC (www.fetac.ie) de réir mar a bheidh siad ar fáil.


55 40 25 10


34


Page 1  |  Page 2  |  Page 3  |  Page 4  |  Page 5  |  Page 6  |  Page 7  |  Page 8  |  Page 9  |  Page 10  |  Page 11  |  Page 12  |  Page 13  |  Page 14  |  Page 15  |  Page 16  |  Page 17  |  Page 18  |  Page 19  |  Page 20  |  Page 21  |  Page 22  |  Page 23  |  Page 24  |  Page 25  |  Page 26  |  Page 27  |  Page 28  |  Page 29  |  Page 30  |  Page 31  |  Page 32  |  Page 33  |  Page 34  |  Page 35  |  Page 36  |  Page 37  |  Page 38  |  Page 39  |  Page 40  |  Page 41  |  Page 42  |  Page 43  |  Page 44  |  Page 45  |  Page 46  |  Page 47  |  Page 48  |  Page 49  |  Page 50  |  Page 51  |  Page 52  |  Page 53  |  Page 54  |  Page 55  |  Page 56  |  Page 57  |  Page 58  |  Page 59  |  Page 60  |  Page 61  |  Page 62  |  Page 63  |  Page 64  |  Page 65  |  Page 66  |  Page 67  |  Page 68  |  Page 69  |  Page 70  |  Page 71  |  Page 72  |  Page 73  |  Page 74  |  Page 75  |  Page 76  |  Page 77  |  Page 78  |  Page 79  |  Page 80  |  Page 81  |  Page 82  |  Page 83  |  Page 84  |  Page 85  |  Page 86  |  Page 87  |  Page 88  |  Page 89  |  Page 90  |  Page 91  |  Page 92  |  Page 93  |  Page 94  |  Page 95  |  Page 96  |  Page 97  |  Page 98  |  Page 99  |  Page 100  |  Page 101  |  Page 102  |  Page 103  |  Page 104  |  Page 105  |  Page 106  |  Page 107  |  Page 108  |  Page 109  |  Page 110  |  Page 111  |  Page 112  |  Page 113  |  Page 114  |  Page 115  |  Page 116  |  Page 117  |  Page 118  |  Page 119  |  Page 120  |  Page 121  |  Page 122  |  Page 123  |  Page 124  |  Page 125  |  Page 126  |  Page 127  |  Page 128  |  Page 129  |  Page 130  |  Page 131  |  Page 132  |  Page 133  |  Page 134  |  Page 135  |  Page 136  |  Page 137  |  Page 138  |  Page 139  |  Page 140  |  Page 141  |  Page 142  |  Page 143  |  Page 144  |  Page 145  |  Page 146  |  Page 147  |  Page 148  |  Page 149  |  Page 150  |  Page 151  |  Page 152  |  Page 153  |  Page 154  |  Page 155  |  Page 156  |  Page 157  |  Page 158  |  Page 159  |  Page 160  |  Page 161  |  Page 162  |  Page 163  |  Page 164  |  Page 165  |  Page 166  |  Page 167  |  Page 168  |  Page 169  |  Page 170  |  Page 171  |  Page 172  |  Page 173  |  Page 174  |  Page 175  |  Page 176  |  Page 177  |  Page 178  |  Page 179  |  Page 180  |  Page 181  |  Page 182  |  Page 183  |  Page 184  |  Page 185  |  Page 186  |  Page 187  |  Page 188