This page contains a Flash digital edition of a book.
Láithreacha Campais GMIT Cluain Mhuire Campus


Dublin Road Campus


GAILLIMH


Is baile neach léinn í Gaillimh ar a bhfuil an t-éileamh is mó in Éirinn agus ina ndéanann an Institiúid Teicneolaíochta agus Ollscoil na hÉireann freastal ar neacha léinn tríú leibhéal. Tá sí bríomhar agus tá éagsúlacht mhór siamsaíochta inti a dhéanann freastal ar ilghnéitheacht leathan mianta. Sa chathair tá dhá phictiúrlann, ceithre amharclann, breis agus deich gclub oíche a bhfuil an-tóir orthu agus raidhse tábhairní sa raon stíleanna ón traidisiún Éireannach go stíleanna iltíreacha níos nua-aimseartha.


Is beo beathach é fuinneamh na Gaillimhe agus tá líon siopaí, saoráidí neach léinn agus bialanna inti atá ag dul i líonmhaire chun freastal ar do chuid riachtanas. Má tá gá agat le breis airgid chun do stíl bheatha sa choláiste a mhaoiniú, caithfidh sé nach mbeidh sé ródheacair jab páirtaimseartha a aimsiú. Is buntáiste eile é go bhfuil deiseanna níos mó ann chun intéirneachtaí, taithí oibre agus slite beatha a aimsiú ach do cháilíocht dheiridh a bheith bainte amach agat.


Tá roinnt mhaith saoráidí atá uathúil agus éagsúil le fáil i nGaillimh ar a n-áirítear pictiúrlanna, amharclanna, siopadóireacht, imirt bollaí, stuabhealaí, giomnáisiamaí, snámh, peil, sacar, rugbaí agus spraoi le cairtíní. Bíonn an-chuid féilte breátha cultúrtha ar siúl sa chathair freisin ar a n-áirítear an Fhéile Snagcheoil i mí Feabhra, an Fhéile Litríochta um Cháisc agus Féile Ealaíon na Gaillimhe i mí Iúil. Is rabairne chultúrtha í an Fhéile Ealaíon a mbíonn idir téatar, ceol, ealaín agus coiméide ar siúl ceithre huaire fichead ar feadh coicíse. Is dlúthchuid d’fhéiniúlacht na Gaillimhe é an fuinneamh óigeanta seo, agus meallann meascán de chultúr agus de spraoi na cathrach gach cineál neacha léinn.


CAISLEÁN AN BHARRAIGH 26


Is príomhionad riaracháin Cho. Mhaigh Eo é Caisleán an Bharraigh. Baile margaidh a bhí ann ar dtús agus choinnigh sé an traidisiún sin i rith na mblianta. Ach faoi láthair tá sé ar cheann de na bailte is mó fás in Éirinn agus soláthar iontach saoráidí siopadóireachta agus


bonneagar gnó ann. Bíonn neart imeachtaí oíche i gCaisleán an Bharraigh agus cuireann tábhairní ceol traidisiúnta agus nua- aimseartha araon ar fáil agus tá raon bialanna d’ardchaighdeán ann. Dóibh siúd a dtaitníonn an saol allamuigh leo tá a lán le fáil ann amhail bealaí siúil, iascach maith agus Cumann Gailf Chaisleán an Bharraigh.


LEITIR FRAIC


Is sráidbhaile beag beomhar é Leitir Fraic atá suite níos lú ná deich nóiméad tiomána ón gClochán agus é suite gar do chuid de phríomh- mhealltachtaí Chonamara ar a n-áirítear Páirc Náisiúnta Conamara, Mainistir na Coille Móire agus Cnoc an Diamaint. Tá an sráidbhaile suite ar chrosbhealach in aice na farraige agus clú air as a chuid ceoil bheo thraidisiúnta agus a íogaireacht do chúrsaí imshaoil. Is limistéar é a bhfuil baint aige le gníomhaíochtaí allamuigh agus tá roinnt cosán siúlóide agus cuid mhaith tránna i ngar dó. Tá rogha áiteanna bia agus dí le fáil i Leitir Fraic ar a n-áirítear caiféanna, beáir agus bialanna.


AN CREAGÁN


Is baile margaidh é an Creagán atá suite 45km ó Ghaillimh ar an N63 go Roscomáin. Tá sé suite ar Abhainn na Sibhine agus é gar do choillearnach ina bhfuil siúlóidí foraoise agus saoráidí áille picnice agus í lán de rudaí stairiúla spéisiúla. Tá an sráidbhaile suite i gceantar atá an-suimiúil ó thaobh na staire de: ba anseo a bhí cónaí ar theaghlach Grattan-Bellew, lucht clúiteach parlaiminte de chuid na Gaillimhe le linn an 18ú agus 19ú haois.


Page 1  |  Page 2  |  Page 3  |  Page 4  |  Page 5  |  Page 6  |  Page 7  |  Page 8  |  Page 9  |  Page 10  |  Page 11  |  Page 12  |  Page 13  |  Page 14  |  Page 15  |  Page 16  |  Page 17  |  Page 18  |  Page 19  |  Page 20  |  Page 21  |  Page 22  |  Page 23  |  Page 24  |  Page 25  |  Page 26  |  Page 27  |  Page 28  |  Page 29  |  Page 30  |  Page 31  |  Page 32  |  Page 33  |  Page 34  |  Page 35  |  Page 36  |  Page 37  |  Page 38  |  Page 39  |  Page 40  |  Page 41  |  Page 42  |  Page 43  |  Page 44  |  Page 45  |  Page 46  |  Page 47  |  Page 48  |  Page 49  |  Page 50  |  Page 51  |  Page 52  |  Page 53  |  Page 54  |  Page 55  |  Page 56  |  Page 57  |  Page 58  |  Page 59  |  Page 60  |  Page 61  |  Page 62  |  Page 63  |  Page 64  |  Page 65  |  Page 66  |  Page 67  |  Page 68  |  Page 69  |  Page 70  |  Page 71  |  Page 72  |  Page 73  |  Page 74  |  Page 75  |  Page 76  |  Page 77  |  Page 78  |  Page 79  |  Page 80  |  Page 81  |  Page 82  |  Page 83  |  Page 84  |  Page 85  |  Page 86  |  Page 87  |  Page 88  |  Page 89  |  Page 90  |  Page 91  |  Page 92  |  Page 93  |  Page 94  |  Page 95  |  Page 96  |  Page 97  |  Page 98  |  Page 99  |  Page 100  |  Page 101  |  Page 102  |  Page 103  |  Page 104  |  Page 105  |  Page 106  |  Page 107  |  Page 108  |  Page 109  |  Page 110  |  Page 111  |  Page 112  |  Page 113  |  Page 114  |  Page 115  |  Page 116  |  Page 117  |  Page 118  |  Page 119  |  Page 120  |  Page 121  |  Page 122  |  Page 123  |  Page 124  |  Page 125  |  Page 126  |  Page 127  |  Page 128  |  Page 129  |  Page 130  |  Page 131  |  Page 132  |  Page 133  |  Page 134  |  Page 135  |  Page 136  |  Page 137  |  Page 138  |  Page 139  |  Page 140  |  Page 141  |  Page 142  |  Page 143  |  Page 144  |  Page 145  |  Page 146  |  Page 147  |  Page 148  |  Page 149  |  Page 150  |  Page 151  |  Page 152  |  Page 153  |  Page 154  |  Page 155  |  Page 156  |  Page 157  |  Page 158  |  Page 159  |  Page 160  |  Page 161  |  Page 162  |  Page 163  |  Page 164  |  Page 165  |  Page 166  |  Page 167  |  Page 168  |  Page 169  |  Page 170  |  Page 171  |  Page 172  |  Page 173  |  Page 174  |  Page 175  |  Page 176  |  Page 177  |  Page 178  |  Page 179  |  Page 180  |  Page 181  |  Page 182  |  Page 183  |  Page 184  |  Page 185  |  Page 186  |  Page 187  |  Page 188