This page contains a Flash digital edition of a book.
Clár Rochtana Scoláireachta (Bealach Forlíontach Rochtana LOI)


Tá Clár Rochtana agus Scoláireachta forbartha ag Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo do neacha léinn atá ag freastal ar scoileanna iar-bhunoideachais i nGaillimh agus Maigh Eo. Tá an scéim seo comhchosúil le scéim HEAR. Mar chuid den chlár, cuirfear deich scoláireacht dar luach €5,000 ar fáil d’iarrthóirí rathúla, in incrimintí, le linn achar ama an chláir léinn.


Ní mór go gcomhlíonfadh iarrthóir na coinníollacha seo a leanas:


1. Bheith ina s(h)aoránach AE. 2. An Ardteistiméireacht a bheith gnóthaithe aige/aici ó 2012 nó a bheith ag tabhairt faoin Ardteistiméireacht in 2013.


3. Bheith ina (h)iarrthóir ar chlár GMIT tríd an LOI in 2013 agus na critéir ghinearálta agus shonracha le haghaidh iontrála a chomhlíonadh.


4. An t-ioncam tuismitheora a bheith faoin tairseach le haghaidh na scéime don deontas tríú leibhéal in 2012.


5. Teistiméireacht acadúil óna scoil a bheith ag tacú leis/léi.


Critéir le haghaidh Roghnóireachta 1. Na coinníollacha atá sonraithe ag 1, 2, 3, 4 agus 5 thuas a chomhlíonadh.


2. Pointí Ardteistiméireachta laistigh de 50 pointe de scoithphointe 2013 don chlár roghnaithe.


3. Foirm iarratais chomhlánaithe. 4. Teistiméireacht acadúil. 5. Spéis, eolas agus tiomantas don chlár roghnaithe.


Féadfar iarrthóirí ainmnithe a chur ar ghearrliosta. Cuirfear agallamh orthu sin ar an ngearrliosta i Lúnasa 2013 (tar éis thorthaí na hArdteistiméireachta agus tairiscintí chéad bhabhta LOI).


Le haghaidh breis faisnéise agus foirmeacha iarratais déan teagmháil leis an Dr Carina Ginty ag 091-7422423 nó slo@gmit.ie nó Deirdre O’Connor ag 091-742129 nó accessoffice@gmit.ie


Ba chóir na foirmeacha comhlánaithe agus an cháipéisíocht tacaíochta airgeadais a chur ar ais faoi 1 Bealtaine 2013 chuig: An Dr Carina Ginty, An Oifig Idirchaidrimh le Scoileanna, GMIT, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Gaillimh.


An Oifig Idirchaidrimh le Scoileanna


Déanann an Oifig Idirchaidrimh le Scoileanna cumarsáid a fhorbairt agus a chur chun cinn idir GMIT agus neacha léinn, tuismitheoirí agus treoirchomhairleoirí dara leibhéal. Cuireann sí foinse dhíreach faisnéise ar fáil ar na cláir atá á dtairiscint ag Gaillimh, Caisleán an Bharraigh, Leitir Fraic agus an Creagán.


Is é an príomhláithreán gréasáin d’Oifig Idirchaidrimh le Scoileanna GMIT ná www.gmit.ie/slo. Ar an láithreán seo gheobhaidh tú faisnéis áisiúil ar nós:


• Féilire Imeachtaí a dhéanann cur síos ar Laethanta Oscailte, seimineáir speisialta agus ar bhlastóirí cláir.


• Deiseanna cláir oideachais do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna.


• Uirlis aimsithe cláir.


• Eispéarais fhoghlama neacha léinn ag GMIT a chuireann naisc ar fáil d’fhíseáin neacha léinn agus roinnt cur i láthair tionscadail.


• Pacáiste Eispéaras Foghlama na Chéad Bhliana amhail Seisiúin Foghlama Phiara-Chuidithe (PASS) agus Foghlaim conas Foghlaim ag an 3ú Leibhéal (L2L).


• Próifílí céimí ó na disciplíní uile.


• Naisc áisiúla a chuideoidh leat an rogha gairme is fearr a dhéanamh.


Reáchtálann GMIT raon imeachtaí le linn na bliana. Chun cuairt scoile a chur in áirithe nó tuilleadh faisnéise a iarraidh, féach www.gmit.ie/slo nó rphost slo@gmit.ie. Tá raon roghanna ar fáil ag neacha léinn dara leibhéal, ag múinteoirí agus ag tuismitheoirí. Tá na roghanna seo a leanas ar fáil le cur in áirithe ar líne ag www.gmit.ie/slo.


• Cuairteanna Scoile.


• Freastal ó GMIT ar do Lá Oscailte Scoile nó ar Imeacht Gairme Beatha.


• Seimineáir GMIT ar líne chuig do scoil go díreach. • Cláir bhlastóra scoile.


Chun tuilleadh faisnéise a fháil déan teagmháil le: An Dr Carina Ginty


Oifigeach Idirchaidrimh le Scoileanna Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo Láithreán Gréasáin: www.gmit.ie/slo Rphost: slo@gmit.ie nó cuir glao ar 091 742423/087 7469072


40


Page 1  |  Page 2  |  Page 3  |  Page 4  |  Page 5  |  Page 6  |  Page 7  |  Page 8  |  Page 9  |  Page 10  |  Page 11  |  Page 12  |  Page 13  |  Page 14  |  Page 15  |  Page 16  |  Page 17  |  Page 18  |  Page 19  |  Page 20  |  Page 21  |  Page 22  |  Page 23  |  Page 24  |  Page 25  |  Page 26  |  Page 27  |  Page 28  |  Page 29  |  Page 30  |  Page 31  |  Page 32  |  Page 33  |  Page 34  |  Page 35  |  Page 36  |  Page 37  |  Page 38  |  Page 39  |  Page 40  |  Page 41  |  Page 42  |  Page 43  |  Page 44  |  Page 45  |  Page 46  |  Page 47  |  Page 48  |  Page 49  |  Page 50  |  Page 51  |  Page 52  |  Page 53  |  Page 54  |  Page 55  |  Page 56  |  Page 57  |  Page 58  |  Page 59  |  Page 60  |  Page 61  |  Page 62  |  Page 63  |  Page 64  |  Page 65  |  Page 66  |  Page 67  |  Page 68  |  Page 69  |  Page 70  |  Page 71  |  Page 72  |  Page 73  |  Page 74  |  Page 75  |  Page 76  |  Page 77  |  Page 78  |  Page 79  |  Page 80  |  Page 81  |  Page 82  |  Page 83  |  Page 84  |  Page 85  |  Page 86  |  Page 87  |  Page 88  |  Page 89  |  Page 90  |  Page 91  |  Page 92  |  Page 93  |  Page 94  |  Page 95  |  Page 96  |  Page 97  |  Page 98  |  Page 99  |  Page 100  |  Page 101  |  Page 102  |  Page 103  |  Page 104  |  Page 105  |  Page 106  |  Page 107  |  Page 108  |  Page 109  |  Page 110  |  Page 111  |  Page 112  |  Page 113  |  Page 114  |  Page 115  |  Page 116  |  Page 117  |  Page 118  |  Page 119  |  Page 120  |  Page 121  |  Page 122  |  Page 123  |  Page 124  |  Page 125  |  Page 126  |  Page 127  |  Page 128  |  Page 129  |  Page 130  |  Page 131  |  Page 132  |  Page 133  |  Page 134  |  Page 135  |  Page 136  |  Page 137  |  Page 138  |  Page 139  |  Page 140  |  Page 141  |  Page 142  |  Page 143  |  Page 144  |  Page 145  |  Page 146  |  Page 147  |  Page 148  |  Page 149  |  Page 150  |  Page 151  |  Page 152  |  Page 153  |  Page 154  |  Page 155  |  Page 156  |  Page 157  |  Page 158  |  Page 159  |  Page 160  |  Page 161  |  Page 162  |  Page 163  |  Page 164  |  Page 165  |  Page 166  |  Page 167  |  Page 168  |  Page 169  |  Page 170  |  Page 171  |  Page 172  |  Page 173  |  Page 174  |  Page 175  |  Page 176  |  Page 177  |  Page 178  |  Page 179  |  Page 180  |  Page 181  |  Page 182  |  Page 183  |  Page 184  |  Page 185  |  Page 186  |  Page 187  |  Page 188