This page contains a Flash digital edition of a book.
Foglaim ar Feadh an tSaoil


Cuireann an tIonad Foghlama ar Feadh an tSaoil de chuid GMIT ar champas Bhóthar Bhaile Átha Cliath (ar a dtugtaí roimhe seo an Roinn Oideachais Aosaigh agus Leantaigh), níos mó ná 130 clár oíche ar fáil agus déanann freastal faoi láthair ar 2,700 neach léinn. Bíonn raon clár ábhartha creidiúnaithe agus gnáthspéiseanna ar fáil gach Meán Fómhair agus Feabhra. Déantar na cláir atá ar fáil a athbhreithniú agus a nuashonrú gach bliain agus léiríonn siad éilimh an phobail a bhíonn ag síorathrú chomh maith le haischothú ó thionscal. Tacaíonn ár gcláir oíche leo siúd atá i bhfostaíocht nó atá ag lorg fostaíochta agus tugann deis do dhaoine eile cúrsaí nua áineasa a iniúchadh.


Chun na cláir atá ar fáil a fheiceáil, fiosraigh www.gmit.ie/lifelong- learning nó déan teagmháil le : An tIonad Foghlama ar Feadh an tSaoil, GMIT, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Gaillimh. Teil: 091-742145 R-phost: lifelonglearning@gmit.ie


An tSaotharlann Teanga


Tá leabharlann mhór ábhair le haghaidh staidéar na Fraincise, na Gearmáinise, na Spáinnise, na hIodáilise agus na Gaeilge ag dhá shaotharlann teanga nua-aimseartha, ó leibhéal an tosaitheora go hardleibhéal. Ligeann siad do neacha léinn oibriú de réir an luais is rogha leo agus scileanna teanga á ngnóthú acu ar chuid thábhachtach anois iad d’fhormhór na gclár acadúil.


Saoráidí Lónadóireachta Tá saoráidí lónadóireachta ar gach campas.


Saoráidí Baincéireachta


Tá lánseirbhísí baincéireachta ar fáil san Institiúid le linn na tréimhse téarma.


Seirbhísí Bus Campais na Gaillimhe:


Téann busanna go dtí an Rinn Mhór, Baile Bán agus Ospidéal Pháirc Mheirlinne go rialta ón bhFaiche Mhór go dtí stad gar do GMIT.


Campas Leitir Fraic


Déanann CityLink freastal ar Champas Leitir Fraic. Tá an tráthchlár reatha thíos.


Fág Gaillimh Sroich Leitir Fraic


Fág Leitir Fraic Sroich Gaillimh


Laethúil 9.00


10.55


Laethúil Laethúil 16.00 17.55


17.30 19.15


Laethúil Laethúil Laethúil 8.45


10.45


10.55 12.45


17.55 19.45


42


Tá faisnéis faoin tráthchlár atá cothrom le dáta le fáil ag www.citylink.ie


Faisnéis maidir le Cóiríocht


Cuireann Oifig Aontas na Neach Léinn an tseirbhís chóiríochta ar fáil ag campas GMIT, Bóthar Bhaile Átha Cliath. Soláthraíonn sí liosta de na cineálacha éagsúla cóiríochta: tithe, árasáin, lán/páirtlóistín atá ar fáil i gceantar champais na Gaillimhe. Tá faisnéis maidir le cóiríocht i gCaisleán an Bharraigh le fáil go díreach ó champas Chaisleán an Bharraigh (féach freisin thíos mionsonraí i dtaca le cóiríocht thiomnaithe neacha léinn i gCaisleán an Bharraigh). Ar an gcaoi chéanna, tá neart cóiríochta ar fáil i gcomharsanacht champas Leitir Fraic (féach thíos le haghaidh faisnéise). Foilsítear treoracha maidir le socruithe cíosa i Leabhrán Treorach agus Leasa na Neach Léinn a eisíonn Aontas na Neach Léinn.


Campas na Gaillimhe


Glasán (162+ árasán: 681+ Spás Leapa) Bóthar Bhaile Bháin, Gaillimh. Teil: 091-773333 Láithreán gréasáin: www.glasan.com R-phost: info@glasan.com


Gleann na Rí (800+ Spás Leapa) Muirbheach, Bóthar na Rinne Móire, Gaillimh. Teil: +353 91-746000 R-phost: info@gmitstudents.com Láithreán gréasáin: http//www.gmitstudents.com


Cúirt na Rasaí (31 árasán: 102 Spás Leapa) Baile an Bhriotaigh, Gaillimh Teil: +353 91-764131 Láithreán gréasáin: www.cuirtnarasai.com R-phost: info@cuirtnarasai.com


Campas Chaisleán an Bharraigh


Hawthorne Student Village (Baile Neach Léinn na Sceiche Gile) Bóthar Sceach a’ Mhíle, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Teil: 094-9043900 Príomhtheagmhálaí: Roma Towey R-phost: info@hawthornvillage.ie Láithreán gréasáin: www.hawthornvillage.ie Tuairisc: Is coimpléacs nua saintógtha neacha léinn é Hawthorne Village ina bhfuil 87 só-árasán agus iad uile en-suite atá ar fáil do neacha léinn de chuid GMIT @ Caisleán an Bharraigh.


Nephin Hall (Halla Néifinn) Bóthar Hopkins, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Teil: 094 90 48100 R-phost: info@nephinhalls.com Láithreán gréasáin: http://www.nephinhalls.com


Leitir Fraic


Tá liosta den chóiríocht phríobháideach (iostas féinfhreastail) le fáil ar www.gmitsu.ie (Tabhair faoi deara le do thoil nach ndéanann GMIT na tithe a sheiceáil).


Page 1  |  Page 2  |  Page 3  |  Page 4  |  Page 5  |  Page 6  |  Page 7  |  Page 8  |  Page 9  |  Page 10  |  Page 11  |  Page 12  |  Page 13  |  Page 14  |  Page 15  |  Page 16  |  Page 17  |  Page 18  |  Page 19  |  Page 20  |  Page 21  |  Page 22  |  Page 23  |  Page 24  |  Page 25  |  Page 26  |  Page 27  |  Page 28  |  Page 29  |  Page 30  |  Page 31  |  Page 32  |  Page 33  |  Page 34  |  Page 35  |  Page 36  |  Page 37  |  Page 38  |  Page 39  |  Page 40  |  Page 41  |  Page 42  |  Page 43  |  Page 44  |  Page 45  |  Page 46  |  Page 47  |  Page 48  |  Page 49  |  Page 50  |  Page 51  |  Page 52  |  Page 53  |  Page 54  |  Page 55  |  Page 56  |  Page 57  |  Page 58  |  Page 59  |  Page 60  |  Page 61  |  Page 62  |  Page 63  |  Page 64  |  Page 65  |  Page 66  |  Page 67  |  Page 68  |  Page 69  |  Page 70  |  Page 71  |  Page 72  |  Page 73  |  Page 74  |  Page 75  |  Page 76  |  Page 77  |  Page 78  |  Page 79  |  Page 80  |  Page 81  |  Page 82  |  Page 83  |  Page 84  |  Page 85  |  Page 86  |  Page 87  |  Page 88  |  Page 89  |  Page 90  |  Page 91  |  Page 92  |  Page 93  |  Page 94  |  Page 95  |  Page 96  |  Page 97  |  Page 98  |  Page 99  |  Page 100  |  Page 101  |  Page 102  |  Page 103  |  Page 104  |  Page 105  |  Page 106  |  Page 107  |  Page 108  |  Page 109  |  Page 110  |  Page 111  |  Page 112  |  Page 113  |  Page 114  |  Page 115  |  Page 116  |  Page 117  |  Page 118  |  Page 119  |  Page 120  |  Page 121  |  Page 122  |  Page 123  |  Page 124  |  Page 125  |  Page 126  |  Page 127  |  Page 128  |  Page 129  |  Page 130  |  Page 131  |  Page 132  |  Page 133  |  Page 134  |  Page 135  |  Page 136  |  Page 137  |  Page 138  |  Page 139  |  Page 140  |  Page 141  |  Page 142  |  Page 143  |  Page 144  |  Page 145  |  Page 146  |  Page 147  |  Page 148  |  Page 149  |  Page 150  |  Page 151  |  Page 152  |  Page 153  |  Page 154  |  Page 155  |  Page 156  |  Page 157  |  Page 158  |  Page 159  |  Page 160  |  Page 161  |  Page 162  |  Page 163  |  Page 164  |  Page 165  |  Page 166  |  Page 167  |  Page 168  |  Page 169  |  Page 170  |  Page 171  |  Page 172  |  Page 173  |  Page 174  |  Page 175  |  Page 176  |  Page 177  |  Page 178  |  Page 179  |  Page 180  |  Page 181  |  Page 182  |  Page 183  |  Page 184  |  Page 185  |  Page 186  |  Page 187  |  Page 188