This book includes a plain text version that is designed for high accessibility. To use this version please follow this link.
Page 41


An Ghaeilge ar an gCampas | SAINALT


TCD agus an Ghaeilge – ní neart go cur le chéile!

Tá teanga dhúchais na tíre seo beo beathach i gcónaí i gcroí-lár na hardchathrach, i gColáiste na Tríonóide. Tá stair fhada aici anseo ó aimsir William Bedell (iar-Phropast a chuir Gaeilge ar an Sean-Tiomna sa 17ú haois) ar aghaidh. Tá Oifig na Gaeilge (www.tcd.ie/gaeloifig) agus Coiste na Gaeilge ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach réimse de shaol an champais, agus oibríonn an Oifig i gcomhpháirtíocht leis an gCumann Gaelach, le hAontas na Mac Léinn agus le Roinn na Gaeilge chun a haidhmeanna a chur i gcrích. Tá Roinn na Gaeilge (www.tcd.ie/irish) lonnaithe i bhFoirgneamh na nEalaíon, agus tá cóipeanna micreascannáin de Bhailiúchán Choimisiún Beáloideasa Éireann ar coimeád sa Roinn.

Tá dhá scéim chónaithe Gaeilge i TCD do mhic leinnceann acu i nDartraí agus ceann eile ar an gcampas féin- ina mbíonn mic léinn ina gcónaí i dtimpeallacht lán- Ghaeilge: mion-Ghaeltachtaí cathrach i ndáiríre!

Bíonn ciorcal comhrá ar siúl ag an gCumann Gaelach gach uile Mháirt, agus bíonn Oíche na Mac Léinn ar siúl i gClub an Chonartha gach Déardaoin, i rith an téarma (féach www.cumann.ie). Bíonn ranganna Gaeilge saor in aisce ar fáil do mhic léinn an Choláiste.

Cuirtear tús leis an mbliain le fáiltiú Gaeilge don fhoireann agus do mhic léinn araon. Tugann grúpa cuairt ar Oireachtas na Gaeilge ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair. Bíonn roinnt mac léinn rannpháirteach i dturas go Glaschú don fhéile tríú leibhéal “Glaschú na nGael” gach Eanáir. Buaicphointe na bliana atá san fhéile seachtaine- Éigse na Tríonóide- ina mbíonn imeachtaí sóisialta, ceolchoirmeacha, cluichí peile agus eile ar siúl. Beidh an fhéile seo ar siúl idir an 8 agus 12 Márta 2010, le linn Sheachtain (náisiúnta) na Gaeilge.

Eagraítear imeachtaí do bhaill foirne chomh maith. Cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil saor in aisce dóibh, agus bíonn maidineacha caifé ar siúl ó ham go chéile. I mí an Mheithimh i mbliana, thugamar cuairt lae ar Ghaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí, áit a bhfuaireamar léargas iontach ar stair agus ar chultúr na háite. Bhí lón blasta, tráth na gceist agus cúpla deoch againn ann chomh maith. Táthar ag súil go mbeidh turas thar oíche á reáchtáil againn i 2010.

Cuirimid failte is fiche roimh aon fhiosruithe ó chéimithe an Choláiste, agus beidh fáilte rompu chuig ár n-imeachtaí Gaeilge. Beimid ag comhoibriú leis an Trinity Business Assocation maidir leis seo amach anseo. Mar a deir an seanfhocal, ní neart go cur le chéile! Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge

(Photo captioned: (Ó chlé) Niamh Cleary agus Claire Hogan a bhuaigh comórtas bréagchúirte Ghael-Linn i 2008)

English translation available at: www.tcd.ie/gaelofig/en/gailge-sa-cholaiste


Trinity Today | 39 Page 1  |  Page 2  |  Page 3  |  Page 4  |  Page 5  |  Page 6  |  Page 7  |  Page 8  |  Page 9  |  Page 10  |  Page 11  |  Page 12  |  Page 13  |  Page 14  |  Page 15  |  Page 16  |  Page 17  |  Page 18  |  Page 19  |  Page 20  |  Page 21  |  Page 22  |  Page 23  |  Page 24  |  Page 25  |  Page 26  |  Page 27  |  Page 28  |  Page 29  |  Page 30  |  Page 31  |  Page 32  |  Page 33  |  Page 34  |  Page 35  |  Page 36  |  Page 37  |  Page 38  |  Page 39  |  Page 40  |  Page 41  |  Page 42  |  Page 43  |  Page 44  |  Page 45  |  Page 46  |  Page 47  |  Page 48  |  Page 49  |  Page 50  |  Page 51  |  Page 52  |  Page 53  |  Page 54  |  Page 55  |  Page 56  |  Page 57  |  Page 58  |  Page 59  |  Page 60  |  Page 61  |  Page 62  |  Page 63  |  Page 64  |  Page 65  |  Page 66  |  Page 67  |  Page 68  |  Page 69  |  Page 70  |  Page 71  |  Page 72  |  Page 73  |  Page 74  |  Page 75  |  Page 76  |  Page 77  |  Page 78  |  Page 79  |  Page 80  |  Page 81  |  Page 82  |  Page 83  |  Page 84
Produced with Yudu - www.yudu.com