Gluais Cad atá i gceist le clárú?
Is é atá i gceist le clárú ná bailiú agus cothabháil shonraí na mac léinn. Ní mór do gach mac léinn in OÉ Gaillimh clárú gach bliain le bheith ina m(h)ac léinn san Ollscoil. Céim éigeantach atá ann.
Clárú ar Líne
Tugann clárú ar líne saoirse don mhac léinn clárú ar chúrsa agus na táillí a íoc ar líne chomh maith
www.nuigalway.ie/reg
Ainm úsáideora/ID
Is ionann d’ainm úsáideora/ID agus d’uimhir CAO - agus beidh an uimhir sin mar uimhir aitheantais mic léinn duit in OÉ Gaillimh as seo amach.
Pasfocal
I gcás mac léinn nua, nó murar chuir tú do chuntas ag obair go dtí seo; is é do phasfocal an focal Galway (g beag) agus na chéad 4 uimhir de do dháta breithe (san formáid llmm e.g. galway3101) Ceisteanna chuig:
servicedesk@nuigalway.ie
Cláraigh anseo
Agus tú logáilte isteach ar an leathanach ‘Courses’, cliceáil ar ‘Register Here’ agus cuirfear tús leis an bpróiseas clárúcháin.
Téarmaí agus Coinníollacha
Tuigeann gach mac léinn a chláraíonn le OÉ Gaillimh go bhfuil siad ag glacadh leis go bhfuil siad sásta cloí le rialacha agus rialacháin uile na hOllscoile is infeidhme do na mic léinn. Cliceáil ar ‘Terms & Conditions’ ar ár suíomh gréasáin
www.nuigalway.ie/reg chun tuilleadh eolais a fáil.
Náisiúntacht Tír do bhreithe.
Sainchónaí
Tagraíonn sainchónaí don tír ina raibh seoladh buan agat sular thug tú faoin gclár staidéir. Mar shampla, má thagann duine ón bPolainn go hÉirinn coicís sula dtosaíonn sé cúrsa ardoideachais, is í an Pholainn an tír ina bhfuil buanchónaí air nó uirthi cé go bhfuil seoladh comhfreagrais in Éirinn aige nó aici.
Is í Éire a bheadh mar Thír Bhunaidh ag mic léinn a raibh cónaí orthu in Éirinn ar feadh 3 bliana nó níos mó roimh thús an chúrsa. Ní féidir le Tír Bhunaidh an mhic léinn athrú le linn a t(h)réimhse staidéir.
Uimhir PPS
Tabhair d’uimhir PPS. Is riachtanas de chuid an ÚAOé seo.
Page 1 |
Page 2 |
Page 3 |
Page 4 |
Page 5 |
Page 6 |
Page 7 |
Page 8 |
Page 9 |
Page 10 |
Page 11 |
Page 12 |
Page 13 |
Page 14 |
Page 15 |
Page 16 |
Page 17