Réamhrá
Tá an leabhar seo Spreagadh scríofa mar threoir do dhaltaí atá ag tabhairt faoin gcúrsa Ardteistiméireachta Gaeilge, Gnáthleibhéal. Úsáidtear cur chuige comhtháite téamach mar a mholann an Roinn Oideachais agus Scileanna sa leabhar seo. Sa leabhar seo, tá nótaí cuimsitheacha ar gach gné den chúrsa Gnáthleibhéil, ina measc, ábhar cainte comhtháite don Scrúdú Cainte ag tús gach caibidle. Cuirtear míreanna físe a bhaineann leis na hábhair chainte ar fáil agus tugtar mórán deiseanna don obair bheirte sa rang. Tabhair faoi deara go bhfuil Leabhrán don Scrúdú Cainte agus Cluastuiscintí Breise ar fáil saor in aisce leis an téacsleabhar seo chomh maith le leabhrán ar leith ina bhfuil nótaí do Shraith Pictiúr na bliana.
Chomh maith leis sin, tá mórán giotaí leanúnacha/blaganna, litreacha/ríomhphoist shamplacha, scéalta agus comhráite samplacha sa leabhar, mar aon le nótaí agus treoir don cheapadóireacht, meabhairmhapaí, deiseanna don obair ghrúpa, taighde neamhspleách agus féinmheasúnú. Sna rannóga léamhthuisceana, tá mórán téacsanna agus ceisteanna tráthúla, ar nós na gceann a bhíonn sna scrúduithe féin. Tá míniú ar an bhfoclóir deacair a bhaineann leis na léamhthuiscintí ar fáil sa leabhar seo, chun cabhrú le daltaí feabhas a chur ar a gcuid foclóra. Ní mór do dhaltaí a thuiscint, áfach, nach mbeidh na mínithe sin le feiceáil ar an scrúdpháipéar.
Tá cleachtaí cluastuisceana a thagann le leagan amach an scrúdaithe chomh maith le cluastuiscintí breise sa Leabhrán don Scrúdú Cainte agus Cluastuiscintí Breise.
Tá nótaí mionsonraithe don fhilíocht agus don phrós i dteannta le meabhairmhapaí, achoimrí físiúla ar na scéalta, eagraithe grafacha agus iliomad freagraí samplacha cuimsitheacha sa leabhar. Maidir leis an bprós ar an gcúrsa ainmnithe, beidh rogha ann idir an sliocht ón leabhar Seal i Neipeal agus an gearrscéal ‘An Gnáthrud’. Beidh rogha eile ann idir an gearrscannán Cáca Milis agus an dráma An Lasair Choille. Tá caibidil faoi leith ann a chlúdaíonn gach mórghné den ghramadach. Pléann Aonad a 10 (Fócas ar an Scrúdú) le gach cuid den scrúdú agus tugtar comhairle, nótaí agus leideanna ann.
Tá acmhainní eile breise do dhaltaí ar fáil, ina measc, script thrí bhréagscrúdú cainte lánfhada, 2 CD ar a bhfuil na trí bhréagscrúdú lánfhada agus an fhilíocht a bheas le haithris sa Scrúdú Cainte. Tá an t-ábhar cluastuisceana ó na haonaid ar fad ar fáil ar na dlúthdhioscaí chomh maith. Tá físeanna don Scrúdú Cainte agus acmhainní breise digiteacha (Sleamhnáin PowerPoint san áireamh) ar
www.gillexplore.ie. Tá e-leabhar saor in aisce ag dul leis an leabhar seo freisin. Tá do chód uathúil ar fáil taobh istigh den chlúdach tosaigh.
Saor in aisce leis an téacleabhar seo, tá Leabhar Acmhainní do Mhúinteoirí ina bhfuil pleananna múinteoirí, treoirlínte don Scrúdú Cainte agus ceisteanna breise, léamhthuiscintí breise, scripteanna cluastuisceana, dlúthdhioscaí do mhúinteoirí (na scrúduithe cluastuisceana uile agus athsheinm), agus teimpléid phleanála do mhúinteoirí ar féidir a chur in eagar.
Caitríona Ní Shúilleabháin & Triona Geraghty
v
Page 1 |
Page 2 |
Page 3 |
Page 4 |
Page 5 |
Page 6 |
Page 7 |
Page 8 |
Page 9 |
Page 10 |
Page 11 |
Page 12 |
Page 13 |
Page 14 |
Page 15 |
Page 16 |
Page 17 |
Page 18 |
Page 19 |
Page 20 |
Page 21 |
Page 22 |
Page 23 |
Page 24 |
Page 25 |
Page 26 |
Page 27 |
Page 28 |
Page 29 |
Page 30 |
Page 31 |
Page 32 |
Page 33 |
Page 34 |
Page 35 |
Page 36 |
Page 37 |
Page 38 |
Page 39 |
Page 40 |
Page 41 |
Page 42 |
Page 43 |
Page 44 |
Page 45 |
Page 46