Mo Scoil agus Cúrsaí Oibre
Scéal Samplach Ceap scéal (leathleathanach nó mar sin) a mbeidh an sliocht thíos oiriúnach mar thús.
Chonaic mé an príomhoide ag teacht i mo threo. Bhí cuma fheargach ar a haghaidh. Bhí mé i dtrioblóid... ‘A Oisín Uí Shúilleabháin, ba mhaith liom labhairt leat anois díreach in oifig an phríomhoide’, a dúirt sé. Bhris fuarallas amach tríom. ‘Beidh mé ag glaoch ar do thuismitheoirí ar ball tar éis comhrá gairid leat’, a dúirt sé. Bhí mearbhall orm. Shiúlamar go hoifig an phríomhoide agus shuigh mé os comhair an phríomhoide trasna an bhoird uaidh. ‘A Oisín, dúirt dalta eile go bhfaca sé thú ag caitheamh drugaí sa leithreas’, a dúirt sé. Ba bheag nár thit mé i laige. Bhí mo cheann ina roithleán. Ní raibh aon bhaint agam le drugaí riamh.
Thosaigh mé ag smaoineamh. Cinnte bhí mangaire drugaí darbh ainm Marcus a bhí ag iarraidh drugaí a dhíol le daltaí sna leithris. Uaireanta bhí sé ag caitheamh haisise sna leithris fiú. Ní raibh aon bhaint agam leis. Bulaí mór, foréigneach a bhí ann agus rinne mé mo dhícheall fanacht amach uaidh. ‘Níl sé sin fíor ar chor ar bith,’ a dúirt mé. ‘Cé a dúirt rud mar sin fúm?’ Bhí cnag ar an doras.
Shiúil Marcus isteach. ‘Is é Oisín an té a bhí ag caitheamh drugaí sa leithreas,’ a dúirt sé. ‘Is é Oisín a d’fhág an boladh haisise sa leithreas nuair a shiúil sibh isteach ní ba luaithe’. Ag an nóiméad sin, chuala mé mo mham ag glaoch orm. ‘A Oisín, dúisigh, dúisigh’ a dúirt sí, ‘beidh tú déanach don scoil!’ Ní raibh ann ach brionglóid! Nach mór an faoiseamh a bhí orm! Bheinn ag fanacht amach ó Mharcus inniu ar scoil, áfach!
Cleachtaí Scríofa
1. Líon na bearnaí bunaithe ar an eolas sa scéal thuas. Tá na focail le líonadh thíos.
(a) Bhris_____________ amach tríom. (b) Bhí cuma fheargach ar a _____________. (c) Bhí mearbhall _____________.
(d) Bhí mangaire _____________ darbh ainm Marcis ag díol drugaí sna leithris.
(e) Baineadh _____________ asam. aghaidh faoiseamh
orm ar
fuar allas ar an
(f) Dúirt an príomhoide go mbeadh sé ag glaoch _____________ thuismitheoirí Oisín ar ball.
(g) Bhí cnag _____________ _____________ doras.
(h) Ní raibh aon bhaint ag Oisín _____________ drugaí.
(i) Bheadh Oisín ag fanacht amach _____________ Mharcus ar scoil.
(j) Nach mór an _____________ a bhí orm nuair a dhúisigh mé ón mbrionglóid!
drugaí geit
ó le 159
Page 1 |
Page 2 |
Page 3 |
Page 4 |
Page 5 |
Page 6 |
Page 7 |
Page 8 |
Page 9 |
Page 10 |
Page 11 |
Page 12 |
Page 13 |
Page 14 |
Page 15 |
Page 16 |
Page 17 |
Page 18 |
Page 19 |
Page 20 |
Page 21 |
Page 22 |
Page 23 |
Page 24 |
Page 25 |
Page 26 |
Page 27 |
Page 28 |
Page 29 |
Page 30 |
Page 31 |
Page 32 |
Page 33 |
Page 34 |
Page 35 |
Page 36 |
Page 37 |
Page 38 |
Page 39 |
Page 40 |
Page 41 |
Page 42 |
Page 43 |
Page 44 |
Page 45 |
Page 46