search.noResults

search.searching

saml.title
dataCollection.invalidEmail
note.createNoteMessage

search.noResults

search.searching

orderForm.title

orderForm.productCode
orderForm.description
orderForm.quantity
orderForm.itemPrice
orderForm.price
orderForm.totalPrice
orderForm.deliveryDetails.billingAddress
orderForm.deliveryDetails.deliveryAddress
orderForm.noItems
Mo Scoil agus Cúrsaí Oibre Litir Shamplach a 1


Bhí tú ar thuras scoile le déanaí. Scríobh an litir (leathleathanach nó mar sin) a chuirfeá chuig do chara mar gheall ar an turas scoile sin.


32 Corrán na Mistéalach Bóthar na Mistéalach Cathair Chorcaí Co. Chorcaí 23 Márta, 2017


A Phádraig, a chara,


Conas atá tú? Tá súil agam go bhfuil tú i mbarr na sláinte. Tá mé tar éis teacht abhaile ó thuras scoile go Maidrid, sa Spáinn agus ba mhaith liom insint duit faoin turas.


Mar is eol duit, bhí mé ar bís roimh an turas seo mar theastaigh uaim dul go Maidrid le fada an lá. D’fhanamar i mbrú óige i lár na cathrach. Ní raibh an lóistín thar mholadh beirte ach bhain mé an-taitneamh as an turas ar aon nós.


Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch gach lá le linn an turais. Chuamar go páirc phoiblí mhór darbh ainm Retiro lá amháin agus bhí seans againn dul ag grianaíocht agus eitpheil a imirt. Mar is eol duit, tá an-suim agam san ealaín. Chuamar go dtí an gailearaí ealaíne El Prado agus chonaic mé mórán pictiúr leis an ealaíontóir Goya. Lá eile, chonaiceamar pictiúir le Dali agus Picasso i ngailearaí ealaíne eile darbh ainm Museo de la Reina Sofia. Bhí sé dochreidte! Chomh maith leis sin, chuamar ar cuairt chuig an staid sacair Santiago Bernabeu. Tá suim ag mo chara Liam i sacar agus bhí an chuairt sin an-suimiúil dó.


Lá eile, chuamar ar thuras bus timpeall na cathrach. Chonaiceamar na foirgnimh stairiúla agus na radhairc. Bhain mé an-taitneamh as. Bhí seans agam mo chuid Spáinnise a chleachtadh fiú!


San oíche, chuamar go bialanna le haghaidh an dinnéir. Oíche amháin, chuamar chuig seó damhsa flamenco.


Aon scéal nua ó Luimneach? Abair haigh le do mhuintir. Scríobh ar ais chugam go luath.


Do chara, Eoin


161


Page 1  |  Page 2  |  Page 3  |  Page 4  |  Page 5  |  Page 6  |  Page 7  |  Page 8  |  Page 9  |  Page 10  |  Page 11  |  Page 12  |  Page 13  |  Page 14  |  Page 15  |  Page 16  |  Page 17  |  Page 18  |  Page 19  |  Page 20  |  Page 21  |  Page 22  |  Page 23  |  Page 24  |  Page 25  |  Page 26  |  Page 27  |  Page 28  |  Page 29  |  Page 30  |  Page 31  |  Page 32  |  Page 33  |  Page 34  |  Page 35  |  Page 36  |  Page 37  |  Page 38  |  Page 39  |  Page 40  |  Page 41  |  Page 42  |  Page 43  |  Page 44  |  Page 45  |  Page 46