011 Comhairle, Fáilte agus Filíocht
Léamh na filíochta 35 mharc, 2 nóiméad
Na dánta agus cad atá le léamh
‘Géibheann’ (an dán go léir) ‘Colscaradh’ (an dán go léir)
‘Mo Ghrá-sa (idir lúibíní)’ (trí véarsa ar bith) ‘An tEarrach Thiar’ (dhá véarsa ar bith) ‘An Spailpín Fánach’ (dhá véarsa ar bith)
Comhairle
~ Is é an scrúdaitheoir a roghnóidh an dán agus na véarsaí atá le léamh ann. ~ Cleacht go rialta, le do thoil – éist leis na taifid atá leis an leabhar seo.
~ Bí cinnte go bhfuil brí na ndánta ar eolas agat ionas go mbeidh tú in ann brí agus mothúcháin na ndánta a chur in iúl sa scrúdú.
~ Bíodh béim ar fhocail ar leith agus éist go rialta leo ar an dlúthdhiosca a théann leis an leabhar seo.
~ Is féidir leis na daltaí cóip de na dánta a thabairt isteach leo le nótaí foghraíochta os cionn na bhfocal a bhfuil deacrachtaí acu leo. Beidh sé seo an-úsáideach nuair a bheidh na daltaí ag aithris na filíochta don scrúdaitheoir.
Moladh an scrúdaitheora Is fearr do chóip féin de na dánta a thabhairt isteach leat.
~ Tá sé tábhachtach go gcleachtfaidh na daltaí aithris na filíochta os ard dóibh féin.
~ Táthar ag súil le taispeántas sa chuid seo den scrúdú. Is aithris filíochta atá i gceist seachas díreach filíocht a rá. Déan do dhícheall an dán a aithris le rithim agus brí na bhfocal, le fuinneamh agus le foghraíocht cheart.
Dáileadh na marcanna Aicme
Sármhaith An-mhaith Maith
Measartha Lag
An-lag Cleachtadh sa rang Éist leis an duine atá in aice leat ag rá na ndánta agus ansin tabhair marc dóibh. 9
Marc 29–35 24–28 19–23 14–18 9–13 0– 8
Page 1 |
Page 2 |
Page 3 |
Page 4 |
Page 5 |
Page 6 |
Page 7 |
Page 8 |
Page 9 |
Page 10 |
Page 11 |
Page 12 |
Page 13 |
Page 14 |
Page 15 |
Page 16 |
Page 17 |
Page 18 |
Page 19 |
Page 20 |
Page 21 |
Page 22 |
Page 23 |
Page 24 |
Page 25 |
Page 26 |
Page 27 |
Page 28 |
Page 29 |
Page 30