Bua na Teanga Nó
An bhféadfá an cheist sin a chur arís, le do thoil? Nó
Ní thuigim an cheist, ar mhiste leat an cheist sin a chur arís? ~ Má tá an cheist ródheacair, abair:
Ní bhíonn an t-am agam a bheith ag féachaint ar an nuacht/a bheith ag léamh an nuachtáin mar bím an-ghnóthach ag staidéar don Ardteist. Is scoláire an-díograiseach mé!
Nó
Níl mórán suime agam san ábhar sin ach tá an-suim agam sa spórt… ~ An bhfuil aon rud eile le rá agat?
Níor labhraíomar maidir le… caithimh aimsire/cúrsaí polaitíochta/tábhacht na teicneolaíochta agus b’fhéidir dá mbeadh an t-am againn ba bhreá liom labhairt mar gheall air sin.
Nó Táim an-sásta go bhfuil mé críochnaithe anois, go raibh maith agat. ~ Ag fágáil slán: Slán anois. Go raibh maith agat agus bíodh lá deas agat. Moltaí eile
~ Bí cinnte éisteacht le Raidió na Gaeltachta agus le Raidió na Life agus féachaint ar chláir a thaitníonn leat ar TG4. Cabhróidh sé sin leat le do chuid ullmhúcháin.
~ Tá sé an-tábhachtach dua a chaitheamh leis an ullmhúchán. Bí cinnte go ndéanann tú nótaí sa fhreagarleabhar a thagann leis an leabhar seo. Scríobh síos nathanna cainte, frásaí agus aon eolas a bheadh úsáideach duit agus tú ag ullmhú don Bhéaltriail.
~ Lean ar aghaidh ag caint. Ná habair ’sea nó ní hea. Tá an scrúdaitheoir ann chun marcanna a bhronnadh ort agus ní féidir leis/léi é sin a dhéanamh mura leanann tú ort ag caint.
~ Tosnóidh cuid mhaith de cheisteanna an scrúdaitheora leis na focail seo: cá, cad, céard, cé, cén, cathain, cé mhéad, conas agus cén fáth. Bí cinnte go bhfuil na focail seo ar eolas agat.
Fáiltiú 5 mharc do 5 cheist
~ Buailfidh an scrúdaitheoir leat ag doras sheomra an scrúdaithe agus cuirfidh sí/sé fáilte romhat.
~ Bí béasach ag an am sin agus bí cinnte go bhfuil na bunabairtí a bhaineann leis an bhFáiltiú ar eolas agat, mar shampla:
Scrúdaitheoir: Dalta:
Scrúdaitheoir: Dalta:
Scrúdaitheoir: 6 Dia duit. Dia is Muire duit.
Fáilte romhat isteach. Go raibh maith agat. Suigh síos anseo.
Page 1 |
Page 2 |
Page 3 |
Page 4 |
Page 5 |
Page 6 |
Page 7 |
Page 8 |
Page 9 |
Page 10 |
Page 11 |
Page 12 |
Page 13 |
Page 14 |
Page 15 |
Page 16 |
Page 17 |
Page 18 |
Page 19 |
Page 20 |
Page 21 |
Page 22 |
Page 23 |
Page 24 |
Page 25 |
Page 26 |
Page 27 |
Page 28 |
Page 29 |
Page 30