search.noResults

search.searching

saml.title
dataCollection.invalidEmail
note.createNoteMessage

search.noResults

search.searching

orderForm.title

orderForm.productCode
orderForm.description
orderForm.quantity
orderForm.itemPrice
orderForm.price
orderForm.totalPrice
orderForm.deliveryDetails.billingAddress
orderForm.deliveryDetails.deliveryAddress
orderForm.noItems
1 Comhairle, Fáilte agus Filíocht Leagan amach an leabhair agus C


conas an leabhar seo a úsáid Seo leagan amach na gcaibidlí: foclóir a bhaineann le hábhar na caibidle; briathra a d’fhéadfaí a úsáid i gcomhthéacs an ábhair sin; leaganacha cainte úsáideacha a bhaineann leis an ábhar – tá na leaganacha cainte seo in úsáid sna cuntais shamplacha agus sna ceisteanna; ceisteanna agus freagraí don bhéaltriail le háit inar féidir le daltaí a gcuid freagraí féin a scríobh; ‘aistrigh na habairtí seo a leanas’ – tá na habairtí atá le haistriú sa scríbhneoireacht a chuaigh roimhe; cuntais shamplacha le H1 scríofa in aice leis más ag an gcaighdeán sin atá sé; abairtí úsáideacha; ‘do chuid freagraí féin’; áit a bhfuil deis ag an scoláire a c(h)uid freagraí féin a scríobh; obair bheirte – áit inar féidir leis an dalta a c(h)uid freagraí féin a chleachtadh sa rang.


!


Tá moltaí ón scrúdaitheoir ar fáil sa leabhar seo agus is moltaí iad ar féidir iad a thabhairt san áireamh agus tú ag ullmhú don bhéaltriail seo.


Struchtúr na Béaltrialach, dáileadh na marcanna agus comhairle


Maireann an scrúdú idir 13–15 nóiméad. Ní mhairfidh aon bhéaltriail níos faide ná 15 nóiméad; mar sin caithfdh scrúdaitheoirí agus iarrthóirí cloí le struchtúr réasúnach ama. Má tharlaíonn go bhfuil iarrthóir críochnaithe le mír áirithe níos tapúla ná mar atá luaite anseo níl a bhac ar an scrúdaitheoir bogadh ar aghaidh go dtí an chéad mhír eile. Mar a’ gcéanna má tá iarrthóir ag dul thar am ag plé le mír éigin, (na pictiúir is dóichí a bheadh i gceist anseo), caithfidh an scrúdaitheoir críoch a chur leis an gcuid sin den scrúdú agus bogadh ar aghaidh.


Tá ceithre chuid ann. 1. Fáiltiú


1 nóiméad, 5 marc Cúig chuid: ainm, aois, dáta breithe, seoladh baile, agus scrúduimhir


2. Aithris filíochta – dán amháin as cúig a ainmníodh 2 nóiméad, 35 marc


Roghnaíonn an scrúdaitheoir dán nó véarsaí ó dhán agus iarrtar ar an dalta an giota sin a léamh.


3. Comhrá ginearálta 6–8 nóiméad, 120 marc


~ Tosófar leis an ngarthimpeallacht ach leathnófar ábhar an chomhrá ag brath ar chumas an iarrthóra. 75 marc a bheidh ag gabháil leis an Stór Gaeilge (inniúlacht an iarrthóra ar réimse agus ar fhairsinge an stór focal atá aige/aici a léiriú), beidh 45 marc ag gabháil leis an gCumas Gaeilge (líofacht agus cruinneas na Gaeilge). Beifear ag súil leis mar sin go mbeidh idirghníomhaíocht sa chuid seo den scrúdú.


~ D’fhéadfadh an scrúdaitheoir ceist a chur ar an dalta maidir le hábhar ar bith laistigh nó lasmuigh de na réimsí seo a leanas:


3


T


H


A


B


H


A


H


T


A


C


Page 1  |  Page 2  |  Page 3  |  Page 4  |  Page 5  |  Page 6  |  Page 7  |  Page 8  |  Page 9  |  Page 10  |  Page 11  |  Page 12  |  Page 13  |  Page 14  |  Page 15  |  Page 16  |  Page 17  |  Page 18  |  Page 19  |  Page 20  |  Page 21  |  Page 22  |  Page 23  |  Page 24  |  Page 25  |  Page 26  |  Page 27  |  Page 28  |  Page 29  |  Page 30