search.noResults

search.searching

dataCollection.invalidEmail
note.createNoteMessage

search.noResults

search.searching

orderForm.title

orderForm.productCode
orderForm.description
orderForm.quantity
orderForm.itemPrice
orderForm.price
orderForm.totalPrice
orderForm.deliveryDetails.billingAddress
orderForm.deliveryDetails.deliveryAddress
orderForm.noItems
Saoire, taisteal, agus na séasúir Múinteoir: Conas a bhí na daoine ann?


Éamann: Bhí siad cairdiúil agus cainteach. Rinne mé cairdeas le mórán cairde nua. Bhain mé an-taitneamh as an tsaoire.


Múinteoir: Go hiontach! Go raibh maith agat, a Éamainn. Slán leat.


Éamann: Slán agat. Céim 3: Cleachtadh cainte


Saoire i gcathair thar lear Múinteoir: Conas tá tú, a Chaitlín? Caitlín: Táim go breá, go raibh maith agat. Múinteoir: Inis dom cad a rinne tú an Cháisc seo caite. Caitlín: Chuaigh mé go Páras ar thuras scoile. Múinteoir: Cá fhad a bhí sibh ann? Caitlín:


Bhíomar i bPáras ar feadh seachtaine.


Múinteoir: Cár fhan sibh? Caitlín:


D’fhanamar i mbrú óige i lár na cathrach. Bhí an chóiríocht bunúsach go leor, ach bhí an brú an- áisiúil. Bhí Páras dochreidte!


Múinteoir: Cén saghas rudaí a chonaic tú ann? Caitlín:


Chonaiceamar an Túr Eiffel, Ardeaglais Notre Dame, agus Montmartre. Chuamar go dtí an Louvre, gailearaí ealaíne, agus chuamar go hiarsmalann freisin. Lá amháin chuamar go Disneyland, agus bhaineamar an-taitneamh as an lá a chaitheamar ansin. Chuamar ag siopadóireacht freisin.


Múinteoir: Cad a rinne tú sa tráthnóna? Caitlín:


Bhíomar tuirseach traochta tar éis na spaisteoireachta go léir san oíche, ach chuamar go ceolsiamsa san amharclann oíche amháin, agus bhí sé ar fheabhas. Chonaiceamar ‘La Bete et la Belle’, agus bhí sé thar cionn. Oíche eile chuamar ar thuras báid ar an Seine, agus bhí soilse na cathrach go hálainn ar fad.


Múinteoir: Is cosúil go raibh am breá agat! Ar cheannaigh tú aon bhronntanas ann do do mhuintir?


171 Gluais


saoire phacáiste árasán


linn snámha ag taitneamh scamall


seoltóireacht tumadh


cainteach


package holiday apartment


swimming-pool shining cloud sailing diving


clársheoltóireacht windsurfing cairdiúil


friendly talkative, chatty


Page 1  |  Page 2  |  Page 3  |  Page 4  |  Page 5  |  Page 6  |  Page 7  |  Page 8  |  Page 9  |  Page 10  |  Page 11  |  Page 12  |  Page 13  |  Page 14  |  Page 15  |  Page 16  |  Page 17  |  Page 18  |  Page 19  |  Page 20  |  Page 21  |  Page 22