Aois na Glóire 3
Cuir Gaeilge ar na habairtí seo a leanas: 1.
I went on a holiday to Portugal last summer with my family.
2. We went on a plane. 3. We spent a fortnight in Portugal. 4. We stayed in our holiday home. 5. Every day I went to the beach and I swam in the sea. 6.
I listened to my iPod and I read novels.
7. At night we went to restaurants. 8. 9.
I tried Portuguese food. I went shopping, and I bought presents for my friends at home. 10. I really enjoyed the holiday. Céim 2: Cleachtadh cainte
Saoire cois trá Múinteoir: Cén chaoi a bhfuil tú? Éamann: Táim go maith, go raibh maith agat. Múinteoir: Cad a rinne tú an samhradh seo caite? Éamann: Chuaigh mé ar saoire leis an teaghlach. Chuamar go dtí an Spáinn. Múinteoir: Go hiontach! Cén áit sa Spáinn? Éamann: Chuamar go Marbella, i ndeisceart na Spáinne. Ba shaoire phacáiste í. Múinteoir: Conas a bhí an turas go dtí an Spáinn?
Éamann: Chuamar ar eitleán. Bhí an turas gearr agus compordach. Níor mhair sé ach dhá uair go leith; ach bhí an bia ar an eitleán go huafásach.
Múinteoir: Cén áit ar fhan sibh?
Éamann: D’fhanamar in árasán cois farraige. Bhí linn snámha mhór agus caifé in aice leis na hárasáin.
Múinteoir: Conas a bhí an aimsir?
Éamann: Bhí an aimsir go hálainn. Bhí an ghrian ag taitneamh gach lá, agus ní raibh scamall sa spéir.
Múinteoir: Cad a rinne tú gach lá? 170
Éamann: Chuaigh mé ag snámh gach lá san fharraige. D’imir mé eitpheil agus leadóg ar an trá le mo dheartháireacha, agus lá amháin chuamar ag seoltóireacht, ag tumadh, agus ag clársheoltóireacht. Gach oíche chuaigh an teaghlach go léir go bialann, ach uaireanta chuaigh mise agus mo dheartháir chuig dioscó.
Cleachtadh Scríofa
Page 1 |
Page 2 |
Page 3 |
Page 4 |
Page 5 |
Page 6 |
Page 7 |
Page 8 |
Page 9 |
Page 10 |
Page 11 |
Page 12 |
Page 13 |
Page 14 |
Page 15 |
Page 16 |
Page 17 |
Page 18 |
Page 19 |
Page 20 |
Page 21 |
Page 22