Aois na Glóire 1 Céim 6: Cleachtadh cainte agus obair bheirte
Cuir na ceisteanna seo a leanas ar an duine in aice leat. 1. Cá bhfuil tú i do chónaí? 2. Cá bhfuil do cheantar suite? 3. Déan cur síos ar do cheantar. An bhfuil sé ciúin nó torannach, gnóthach nó suaimhneach, álainn nó gránna, iargúlta nó áisiúil?
4. An bhfuil do chairde ina gcónaí in aice láimhe? 5. Cén saghas áiseanna atá i do cheantar? 6. An úsáideann tú aon áis i do cheantar? 7. An bhfuil a lán siopaí i do cheantar? Cén saghas? 8. An dtéann tú ag siopadóireacht go minic? 9. Cén saghas siopadóireachta a thaitníonn leat? An maith leat leabhair, éadaí, bróga, seoda, dlúthdhioscaí nó cluichí ríomhaire?
10. An bhfuil an córas iompair go maith i do cheantar?
Scríobh alt ar do cheantar féin. Féach ar na ceisteanna thuas agus úsáid na freagraí a bhaineann le do cheantar chun struchtúr a chur leis an alt.
Céim 7: Dán
Clapsholas sa Bhaile Mór le Daithí Ó Diollúin
1. Tá na siopaí á ndúnadh Is na busanna lán. Tá na lampaí ag soilsiú Gach sráid is cosán.
46
2. Líne mhór dhíreach tráchta Ar an mbealach amach. Le deifir ar chách Bheith ar ais ina dteach.
3. Tá na buachaillí nuachta Ag díol an pháipéir. Thar dhíon is thar stuaic Tá an ghealach sa spéir.
4. Beidh dordán mórthimpeall Ar feadh uair nó dhó. Roimh thuirlingt don oíche Is brat liath an cheo.
  

Cleachtadh Cainte agus Obair Bheirte
O bair Bhaile
Page 1 |
Page 2 |
Page 3 |
Page 4 |
Page 5 |
Page 6 |
Page 7 |
Page 8 |
Page 9 |
Page 10 |
Page 11 |
Page 12 |
Page 13 |
Page 14 |
Page 15 |
Page 16 |
Page 17 |
Page 18 |
Page 19 |
Page 20 |
Page 21 |
Page 22 |
Page 23 |
Page 24 |
Page 25 |
Page 26 |
Page 27 |
Page 28