search.noResults

search.searching

note.createNoteMessage

search.noResults

search.searching

orderForm.title

orderForm.productCode
orderForm.description
orderForm.quantity
orderForm.itemPrice
orderForm.price
orderForm.totalPrice
orderForm.deliveryDetails.billingAddress
orderForm.deliveryDetails.deliveryAddress
orderForm.noItems
Treoir maidir le Clárú na Chéad Bhliana 2016/2017 O2Léinn CÉIM i i


Más iarmhac léinn de chuid na hOllscoile seo thú, tabhair faoi deara gur polasaí de chuid OÉ Gaillimh é do stair iomlán mar mhac léinn a choinneáil faoi do chéaduimhir nó do sheanuimhir aitheantais OÉ Gaillimh. Beidh ort, dá bhrí sin, clárú faoi d'uimhir aitheantais OÉ Gaillimh reatha agus níor cheart duit clárú faoi d'uimhir aitheantais CAO. Mura bhfuil d'uimhir nua CAO nasctha ar ais chuig do sheanuimhir OÉG, caithfidh tú ríomhphost a sheoladh chuig undergradadmissions@nuigalway.ie chun an fhadhb a réiteach. Tabhair aird, le do thoil, ar na himpleachtaí a bhaineann le gan úsáid a bhaint as do sheanuimhir/uimhir reatha mar atá leagtha amach anseo.


Tabhair faoi deara: caithfidh tú grianghraf pas a bheith réidh le híoslódáil agat nuair a thosaíonn tú ag clárú


Má tá deacrachtaí agat teacht ar do chuntas mic léinn, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Deasc Freastail na Leabharlainne & IT. Cliceáil anseo le fáil amach conas is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Deasc Freastail na Leabharlainne & IT.


Léargas ar do Chuntas Mic


Léiríonn an leathanach COURSES sonraí an chúrsa a bheas ar siúl agat in OÉ Gaillimh. Ní úsáideann tú ach do chód cúrsa CAO agus tú ag cur isteach ar áit in OÉ Gaillimh. Anois agus tú i do mhac léinn, bainfidh tú úsáid as cód an chúrsa in OÉ Gaillimh, cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.


Seol ríomhphost chuig reghelp@nuigalway.ie má tá aon bhotún ar an leathanach Cúrsaí seo.


Míneofar ar an leathanach FINANCE an t-eolas ar fad a bhaineann le táillí agus má bhíonn aon cheist agat ba chóir ríomhphost a sheoladh chuig fees@nuigalway.ie


Beidh do chuid sonraí pearsanta bunaithe ar d'iarratas CAO ar an leathanach PROFILE . Ba chóir an t-ainm céanna a úsáid anseo agus atá ar do theastas breithe, pas nó ceadúnas tiomána.


i


Má tá d'ainm mícheart cláraigh ar aon chuma agus nuair a bheas do chárta aitheantais á bhailiú agat déanfar na hathruithe cuí duit.


Úsáid an cnaipe EDIT chun d'uimhir ghutháin agus do sheoladh téarma a thabhairt cothrom le dáta murab ionann é agus do sheoladh baile.


Cuir isteach do sheoladh pearsanta ríomhphoist mura bhfuil sé ann cheana féin. Cliceáil anseo le fáil amach conas is féidir leat teacht ar do chuntas rphoist OÉG.


Nuair atá tú críochnaithe cliceáil ar an táb ‘COURSES’ ag barr an leathanaigh, agus chun do chlárúchán a dhearbhú cliceáil ar ‘Register Here’ ar thaobh na láimhe deise den scáileán.


5


Page 1  |  Page 2  |  Page 3  |  Page 4  |  Page 5  |  Page 6  |  Page 7  |  Page 8  |  Page 9  |  Page 10  |  Page 11  |  Page 12  |  Page 13  |  Page 14  |  Page 15  |  Page 16  |  Page 17