search.noResults

search.searching

note.createNoteMessage

search.noResults

search.searching

orderForm.title

orderForm.productCode
orderForm.description
orderForm.quantity
orderForm.itemPrice
orderForm.price
orderForm.totalPrice
orderForm.deliveryDetails.billingAddress
orderForm.deliveryDetails.deliveryAddress
orderForm.noItems
Comhghairdeas, is mac léinn de chuid OÉ Gaillimh anois thú


!


Rudaí tábhachtacha atá le déanamh anois!


Socraigh do Chuntas Campais (CASS)


Ba chóir duit do Chuntas Campais (CASS) a shocrú anois díreach. Tá an chéim seo thar a bheith tábhachtach. CAITHFIDH tú do phasfhocal a athrú chun do chuntas a choinneáil slán. Trí úsáid a bhaint as uimhir aitheantais agus as pasfhocal amháin, cuireann do Chuntas Campais rochtain ar fáil duit ar Ríomhlanna, Rphost agus Aipeanna Microsoft Office 365, WiFi, Blackboard, Córais na Leabharlainne, Clárú ar líne, MyCampus, Tráthchláir na Scrúduithe agus Torthaí Scrúdaithe. Chun do Chuntas Campais a shocrú cliceáil anseo Cliceáil anseo le heolas a fháil faoi na seirbhísí IT atá ar fáil in OÉ Gaillimh.


Modúil a Roghnú


Cliceáil anseo chun míniú a fháil ar na modúil. Ba chóir gach ceist maidir le modúl a roghnú a chur ar an gColáiste cuí, is anseo atá naisc le fáil. Nuair is eol duit cé na modúil is mian leat a dhéanamh, ní mór duit clárú lena n-aghaidh AR LÍNE. Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.nuigalway.ie/reg


Conas a phriontálaim mo Ráiteas Clárúcháin


Cliceáil ar an táb PRINT ar an gcoirnéal ar dheis ar an gcéad scáileán de do chuntas mic léinn.


12 Treoir maidir le Clárú na Chéad Bhliana 2016/2017


i


Rochtain ar Blackboard: Beidh rochtain agat ar do chuntas Blackboard 24 uair an chloig tar éis duit clárú.


Chun breathnú ar do mhodúil/eolas an chúrsa ar Blackboard ní mór duit logáil isteach ar an Online Registration System agus clárú le haghaidh do chuid modúl. Beidh rochtain agat ar na modúil seo laistigh de Blackboard 24 uair an chloig ina dhiaidh sin.


Conas a phriontálaim cruthúnas ar mo Chlárúchán?


Cliceáil ar an táb PROOF OF REGISTRATION ar an gcoirnéal ar dheis ar an gcéad scáileán de do chuntas mic léinn.


Conas is féidir liom grianghraf a uaslódáil más rud é nach ndearna mé é nuair a bhí mé ag clárú ar líne?


Téigh chuig ‘Profile’ ar an gcéad leathanach agus cliceáil ar an táb UPLOAD PHOTO faoi Personal Information agus lean na treoracha.


Roghnaigh mé maoiniú SUSI nuair a bhí mé ag clárú ar líne ach níor chuir mé isteach m’uimhir SUSI?


Téigh chuig ‘Profile’ ar an gcéad leathanach agus cliceáil ar an táb EDIT faoi Uimhir SUSI.


Conas is féidir liom mo sheoladh téarma a athrú?


Téigh chuig ‘Profile’ ar an gcéad leathanach agus cliceáil ar an táb EDIT faoi Term Address agus ansin clóscríobh isteach do sheoladh nua agus cliceáil ar UPDATE.


Tabhair faoi deara gurb é do sheoladh baile an seoladh a thug tú ar d’iarratas CAO.


Page 1  |  Page 2  |  Page 3  |  Page 4  |  Page 5  |  Page 6  |  Page 7  |  Page 8  |  Page 9  |  Page 10  |  Page 11  |  Page 12  |  Page 13  |  Page 14  |  Page 15  |  Page 16  |  Page 17