search.noResults

search.searching

note.createNoteMessage

search.noResults

search.searching

orderForm.title

orderForm.productCode
orderForm.description
orderForm.quantity
orderForm.itemPrice
orderForm.price
orderForm.totalPrice
orderForm.deliveryDetails.billingAddress
orderForm.deliveryDetails.deliveryAddress
orderForm.noItems
Comhghairdeas leat as áit a bhaint amach ar chúrsa in OÉ Gaillimh.


Caithfidh tú clárú ar líne anois chun go mbeidh tú i do mhac léinn san Ollscoil seo. Osclófar an clárú ar líne an 25 Lúnasa 2016 agus dúnfar é an 30 Meán Fómhair 2016.


Cad é Clárú? Is ionann clárú agus sonraí na mac léinn a bhailiú agus a chothú. Stóráiltear na sonraí ar fad go lárnach ar Chóras Taifead na Mac Léinn. Caithfidh gach mac léinn clárú in OÉ Gaillimh gach bliain.


Cén chúis atá leis? Nuair a chláraíonn tú beidh tú in ann do chárta aitheantais a bhailiú, modúil a roghnú, rochtain a fháil ar an Leabharlann, ar shaotharlanna etc. bheith páirteach i gClubanna agus i gCumainn agus úsáid a bhaint as na háiseanna ar fad do mhic léinn atá ar an gcampas.


Cad é Clárú ar Líne? Tá clárú ar líne éigeantach agus tugann sé an deis duit clárú ar do chúrsa, do chuid táillí a íoc agus do chuid modúl a roghnú (nuair is cuí) ar líne. Chun clárú ar líne téigh chuig www.nuigalway.ie/registration agus lean na treoracha atá le fáil ansin.


Beolíne na Mac Léinn 091 493999


4 Treoir maidir le Clárú na Chéad Bhliana 2016/2017


Cláraigh gcéim


i7éasca O1 CÉIM


Logáil isteach chun Clárú


Cad iad mo chuid sonraí logála isteach?


Ainm úsáideora agus pasfhocal atá i do chuid sonraí logála isteach. Is í d’uimhir CAO d'ainm úsáideora agus is ionann í anois agus d’uimhir aitheantais úsáideora OÉG e.g. 16123456. Is é do phasfhocal an focal galway agus na chéad cheithre


uimhir de do dháta breithe (san fhormáid llmm). Más é an 21 Bealtaine do bhreithlá, is é 'galway2105' do phasfhocal.


Tá sé an-tábhachtach nuair atá an clárú déanta agat go ndéanann tú do Chuntas Campais (CASS) a shocrú. Tá níos mó eolais ar an bpróiseas seo le fáil sa bhróisiúr seo.


Cad é an chéad rud eile is gá dom a dhéanamh?


Brúigh “Login” ionas go mbeidh tú logáilte isteach i do chuntas Mic Léinn.


Page 1  |  Page 2  |  Page 3  |  Page 4  |  Page 5  |  Page 6  |  Page 7  |  Page 8  |  Page 9  |  Page 10  |  Page 11  |  Page 12  |  Page 13  |  Page 14  |  Page 15  |  Page 16  |  Page 17