Aois na Glóire 2 Céim 9: Litir
Bhí cluiche ar siúl Dé Sathairn seo caite agus bhí tú ar an bhfoireann. Scríobh litir chuig do pheannchara faoin gcluiche. I do litir, luaigh: 1 cathain a bhí an cluiche ar siúl 1 an ról a bhí agat ar an bhfoireann 1 rud éigin a tharla le linn an chluiche.
g
12 Ascaill na Fuinseoige Cnoc Mhuirfean Gaillimh
12 Márta, 2012 A Aindrias,
Cén chaoi a bhfuil tú? Tá súil agam go bhfuil tú i mbarr na sláinte. Abair le do mhuintir go raibh mé ag cur a dtuairisce. Bhí mé ag imirt cluiche sacair Dé Céadaoin seo caite leis an bhfoireann scoile.
Faoi mar is eol duit, is tosaí mé ar an bhfoireann. Thosaigh an cluiche ag a trí a chlog. Bhí slua ollmhór ag an gcluiche. Tar éis cúig nóiméad, scóráil mo chara Risteard cúl! Bhí an slua ar mire! Ansin, rith imreoir ón bhfoireann eile ar nós na gaoithe i dtreo ár gcuaillí agus scóráil sé cúl! Bhí mo chroí ag dul amach as mo bhéal!
Nuair a tháinig leatham, bhí na foirne ar comhscór. Chuamar isteach sa seomra feistis agus thug ár dtraenálaí óráid mhór dúinn. Nuair a ritheamar amach ar an bpáirc sacair, d’imríomar le neart agus crógacht. Nuair a bhí an liathróid ag mo chara Séamas, rinne imreoir ón bhfoireann eile calaois air! Leag sé go talamh é agus bhuail Séamas a cheann ar an talamh. Bhí an slua ag screadaíl. Thug an réiteoir cárta dearg don imreoir sin agus tugadh Séamas ar shínteán chuig seomra an dochtúra.
Sa deireadh, bhuamar an cluiche agus bhí áthas an domhain orainn! Chuamar amach ag ceiliúradh an oíche sin.
Scríobh chugam go luath le do nuacht! Slán go fóill,
Aogán
102
Gluais
faoi mar is eol duit scóráil ar mire cuaillí
bhí mo chroí ag dul amach as mo bhéal seomra feistis
as you know to score crazy
goalposts
my heart was in my mouth
changing room
óráid neart
crógacht sínteán
sa deireadh ag ceiliúradh
speech
strength bravery
stretcher in the end celebrating
Page 1 |
Page 2 |
Page 3 |
Page 4 |
Page 5 |
Page 6 |
Page 7 |
Page 8 |
Page 9 |
Page 10 |
Page 11 |
Page 12 |
Page 13 |
Page 14 |
Page 15 |
Page 16 |
Page 17 |
Page 18 |
Page 19 |
Page 20 |
Page 21 |
Page 22 |
Page 23 |
Page 24 |
Page 25 |
Page 26 |
Page 27 |
Page 28 |
Page 29 |
Page 30