Aois na Glóire 2
Céim 3: Sliocht Léigh an sliocht seo a leanas agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis:
Rory McIlroy 3
3. Bhuaigh sé an Chraobh Dhomhanda san aoisghrúpa 9 go 10 mbliana d’aois agus bhí a fhios ag a thuismitheoirí go raibh tallann iontach aige. Bhí trí phost ag a Dhaid chun íoc as forbairt Rory sa ghalf. D’oibrigh a Mham san oíche freisin chun cabhrú leis an gcostas den traenáil agus taisteal.
4. 4
1. Rugadh agus tógadh Rory McIlroy in Holywood, ceantar beag cois farraige i ngar do Bhéal Feirste i dTuaisceart Éireann. Dar lena athair, thosaigh sé ag imirt gailf nuair a bhí sé aon bhliain go leith d’aois. Gerry is ainm dá Dhaid agus Rosie is ainm dá Mham. Is galfaire maith é a Dhaid agus thosaigh Rory ag traenáil leis nuair a bhí sé óg.
2. D’fhreastail Rory ar bhunscoil Naomh Pádraig agus ansin ar mheánscoil Uí Shúilleabháin. Ba é an ball ab óige den chlub gailf in Holywood é. Tar éis tamaill, thosaigh sé ag traenáil le Michael Bannon ag an gclub gailf in Holywood. Is é Michael a mhúinteoir agus a thraenálaí fós.
Bhí bród an domhain ar thuismitheoirí Rory nuair a bhuaigh sé an US Open sna Stáit Aontaithe i Meitheamh 2011. Scaip a chlú agus cháil ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain go tapaidh. I 2010, bhuaigh Rory an PGA i Meiriceá. Ba é Tiger Woods an t-aon duine eile a bhí chomh hóg le Rory nuair a bhuaigh sé an comórtas sin. Leis sin, d’imir Rory ar son na hEorpa nuair a bhuaigh an fhoireann Eorpach an Ryder Cup anuraidh. Is galfaire den chéad scoth é!
5. Is duine umhal agus deas é Rory agus tá muintir na hÉireann an-bhródúil as. Tá súil ag gach duine go leanfaidh sé ar aghaidh chun níos mó comórtais a bhuachan amach anseo!
94
Page 1 |
Page 2 |
Page 3 |
Page 4 |
Page 5 |
Page 6 |
Page 7 |
Page 8 |
Page 9 |
Page 10 |
Page 11 |
Page 12 |
Page 13 |
Page 14 |
Page 15 |
Page 16 |
Page 17 |
Page 18 |
Page 19 |
Page 20 |
Page 21 |
Page 22 |
Page 23 |
Page 24 |
Page 25 |
Page 26 |
Page 27 |
Page 28 |
Page 29 |
Page 30