This page contains a Flash digital edition of a book.
Treoir maidir le Clárúchán 2012-2013


Tír Bhunaidh is ea an tír ina raibh an mac léinn ag cur faoi/fúithi go buan sular thosaigh sé/sí ar an gclár staidéir. Ní gá gurb é an seoladh comhfhreagrais/téarma atá i gceist. Ní gá go mbeadh sé mar a chéile lena náisiúntacht agus ní athraíonn sé de réir mar a théann sé/sí ar aghaidh trína g(h)airm acadúil, e.g. tagann duine ón bPolainn go hÉirinn coicís roimh thús a chur le cúrsa ardoideachais. Cé gur Polannach an duine seo agus go bhfuil a s(h)eoladh comhfhreagrais in Éirinn, is í an Pholainn an tír ina bhfuil buanchónaí air/uirthi. Is í Éire a bheadh mar Thír Bhunaidh ag mic léinn a raibh cónaí orthu in Éirinn ar feadh 3 bliana nó níos mó roimh thús an chúrsa. Ní féidir le Tír Bhunaidh an mhic léinn athrú le linn a t(h)réimhse staidéir.


1.2


Is mian liom mo ghrianghraf a lódáil ar líne – cad a dhéanfaidh mé?


Más mian leat e


grianghraf diot féin a uaslódáil – grianghraf a úsáidfear ar do chárta aitheantais – féadfaidh tú é sin a dhéanamh anseo.


Má tá an comhad grianghraif rómhór, ni ghlacfar leis agus lorgófar comhad grianghraif nios lú. Is é uasmhéid comhad grianghraif ar féidir é a lódáil 300kb. Caithfidh gach comhad a bheith i bhformáid JPEG.


Brúigh “Browse” chun an grianghraf a roghnú agus ansin brúigh “open” agus “load” chun an grianghraf a lódáil. Brúigh ‘Continue’ le leanúint ar aghaidh go dti an chéad chéim eile.


1.3


Ní mian liom mo ghrianghraf a lódáil ar líne - cad a dhéanfaidh mé?


Is féidir leat léim thar an gcuid seo denchlárú ar líne mura bhfuil tú ag iarraidh grianghraf a uaslódáil anois ach beidh ort grianghraf pas díot féin a sheoladh ar ríomhphost chuig regphotos@nuigalway.ie le d’uimhir CAO roimh an 7 MeánFómhair 2012.


9


Page 1  |  Page 2  |  Page 3  |  Page 4  |  Page 5  |  Page 6  |  Page 7  |  Page 8  |  Page 9  |  Page 10  |  Page 11  |  Page 12  |  Page 13  |  Page 14  |  Page 15  |  Page 16  |  Page 17  |  Page 18  |  Page 19  |  Page 20  |  Page 21  |  Page 22  |  Page 23