4
Comharchumann Mhic Dara
Tá Comharchumann nua pobail dhá bhunú a bheidh ag freastal ar an bpobal i bparóiste an Cheathrú Rua. Comharchumann Mhic Dara an t-ainm a bheidh ar an eagraíocht nua. Is forbairt mhór atá anseo a thagann mar thoradh ar an obair mhaith atá déanta le cúpla bliain ag An Coiste Comhfhiontar agus an tOifi geach Forbartha, Seán Ó Domhnaill. Beidh an Comharchumann ag dul i mbun obair fhorbartha chun cúrsaí fostaíochta, eacnamaíochta, cultúr agus teanga a chur chun cinn sa cheantar. Tá an fhorbairt ar siúl tar éis tréimhse chomhairleoireachta leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannas & Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. Rinneadh suirbhé i measc
na gcoistí éagsúla atá ag feidhmiú sa cheantar chomh maith. Bunaithe ar sin tá plean oibre curtha le chéile agus tá an próiseas curtha ar bun leis an gComharchumann nua a chlárú. Fad is atá sin ag tarlú beidh iarrachtaí ar siúl chun ballraíocht a leathnú sa Chomharchumann. Beidh dhá chineál scar i gceist. Beidh an chéad cheann ar fáil do dhuine atá lonnaithe, ag obair nó a bhfuil leas sa cheantar acu. Costas de €200 ina iomláine a bheidh ar an scar sin, a bheidh iníoctha thar thréimhse cheithre bliana. Beidh táille bhallraíochta bliantúil le n-íoc ina dhiaidh sin leis an bhallraíocht a choinneáil reatha. Duine ar bith a bhfuil scar den chineál seo acu beidh siad i dteideal vótáil chun an Coiste Stiúrtha a thoghadh ag an gCruinniú Cinn Bhliana. Beidh an dara cineál scar ann, a thabharfaidh deis do dhaoine nach bhfuil lonnaithe sa cheantar chun tacú leis an gComharchumann. An smaoineamh atá taobh thiar den bhallraíocht bhliantúil, ná chun deimhniú gur daoine atá gníomhach sa phobal a bheidh i mbun an Chomharchumainn. Beidh rialacha ann chun go mbeidh rothlú rialta i measc baill an Choiste Stiúrtha chomh maith. Cé gur beag airgead stáit atá ar fáil faoi láthair, ní mór go mbeadh eagraíocht pobail mar seo ann chun deis ar bith a thagann chun cinn a thapú ar mhaithe le pobal an cheantair ar fad.
A new development cooperative is being set up to serve the community in An Cheathrú Rua. Comharchumann Mhic Dara is the name of the new entity. This is a major development which comes on the back of the good work done by the Comhfhiontar committee and Development Offi cer, Seán Ó Domhnaill. The Cooperative will endeavour to progress projects which will develop employment, the economy, the language and culture of the area. The development has come about after an extensive process of negotiations with the Department of Community, Equality and Gaeltacht Affairs and Údarás na Gaeltachta. A survey was also done among committees in the
area. Based on that a development plan has been drawn up and the process of legally setting up the cooperative has started. While that process is in train, efforts are being made to widen membership of the cooperative. There will be two types of shares available. The fi rst will be for people who live in, or have a vested interest in the area. They will cost €200 in total which can be paid in instalments over four years. There will then be an annual membership fee payable to keep membership current. Anyone who has a share of this type will be entitled to vote to elect the members of the Management Committee at the AGM. The second type of share will allow people to invest in the cooperative to support its aims. The idea behind the annual membership fee is to ensure that those active in the community have control over its workings. The rules stipulate also that there must be annual rotation of the Management Committee. Although state funding is scarce at the moment, a development organisation such as this is essential to allow the local community to grasp any opportunities that may arise for the good of all in the area.
Page 1 |
Page 2 |
Page 3 |
Page 4 |
Page 5 |
Page 6 |
Page 7 |
Page 8 |
Page 9 |
Page 10 |
Page 11 |
Page 12 |
Page 13 |
Page 14 |
Page 15 |
Page 16 |
Page 17 |
Page 18 |
Page 19 |
Page 20 |
Page 21 |
Page 22 |
Page 23 |
Page 24 |
Page 25 |
Page 26 |
Page 27 |
Page 28 |
Page 29 |
Page 30 |
Page 31 |
Page 32