This page contains a Flash digital edition of a book.
Cúrsaí

Ó bunaíodh an eagraíocht tá Gael Linn ag tacú le foghlaimeoirí agus le múinteoirí Gaeilge. Ar ár gclár reatha tá cúrsaí teagaisc do dhaoine fásta agus do dhaoine óga, áiseanna tacaíochta foghlama agus deiseanna chun an teanga a úsáid.

Ciorcal Comhrá Gaeilge i nGleann na hAbhann

Tá ciorcal comhrá nua-bhunaithe á reachtáil i nGleann na hAbhann. Is seisiún neamh-fhoirmeálta atá i gceist leis an ngrúpa agus níl aon chostas air. Tá fáilte roimh chách, iad siúd ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, iad siúd atá ar bheagán Gaeilge agus gur mian leo an cúpla focal atá acu a úsáid.

Is in san Peacock, i nGleann na hAbhann a thagann daoine le chéile ar a 7i.n. ar an Déardaoin agus is é Matt McCormack an fear a chuir an ciorcal comhrá úd le chéile. Más mian leat dul i dteagmháil le Matt an uimhir gutháin aige ná 087 696 5045.

Le 6 seachtainí anuas tá an chiorcal comhrá ar siúl agus is meascán do dhaoine atá ag freastal air idir óg agus beagáinín níos sinne. Níl i gceist ach comhrá agus beagáinín spraoi, dá bhrí sin má tá spéis agat do chúpla focal a úsáid tá mile fáilte romhat!

Tá taithí na mblianta ag Gael Linn i mbun cúrsaí d’aosaigh. Tá na cúrsaí bunaithe ar na cleachtais is fearr ó thaobh múineadh teanga de agus bíonn múinteoirí ardcháilithe in a mbun. Reáchtáltar iad i mBaile Átha Cliath le linn na bliana agus sa Ghaeltacht le linn an tsamhraidh. Is feidir sainchúrsaí a sholáthar d’eagraíochtaí agus d’institiúidí chomh maith. Le tuilleadh eolais d’fháil is féidir dul i dteagmháil ar an bhfón: 01 675 1200 nó facs:

01 670 4180 nó ar r-phost: eolas@gael-linn.ie

Eagraíonn Gael Linn coláistí samhraidh do dhéagóirí i dtrí mhórcheantar Gaeltachta – i gContae Dhún na nGall, in iarthar Chontae Chorcaí agus i dtuaisceart Chontae Mhaigh Eo. Sna hionaid seo eagraítear cúrsaí do dhéagóirí le linn Meithimh, Iúil agus Lúnasa. Sainchúrsa spóirt is ea ceann de na cúrsaí.

An dara Bhratach ghlas le Gaelscoil Bhrian Boroimhe

Tá Gaelscoil Bhrian Bóroimhe, atá lonnaithe i gCoill na nÚll anseo i Sord, ag ceiliúradh deich mbliana na scoile i mbliana. Ba mhór an onóir do phobal uile na scoile nuair a tháinig Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, ar cuairt chuig an scoil ar an 12ú Márta. Ní hamháin go raibh an t-Uachtarán i láthair le haghaidh an cheiliúradh deich mbliana ach bhí sí i láthair le haghaidh an obair iontach atá á dhéanamh ag an scoil ghlas a fheiceáil chomh maith. Tá an scoil tar éis an dara bhratach ghlas a bhaint amach de bharr na sár- oibre atá déanta acu ag caomhnú fuinnimh sa scoil. Bhí deis ag an gcoiste ghlas casadh leis an Uachtarán. D’ardaigh beirt ón gcoiste an bhratach nua agus ansin labhair an choiste faoin obair ar fad atá déanta acu ó thaobh caomhnú fuinnimh agus athchúrsála de.

Teicneolaíocht agus an Ghaeilge

Is iomaí áis atá le fáil ar líne don úsaideoir le Gaeilge. Feicfidh tú thíos roinnt bealaí gur féidir leat an úsáid is fearr a bhaint as na háiseanna atá ar fáil faoi láthair.

WinGléacht

Leagan leictreonach de Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill agus é curtha in oiriúint le húsáid le córas oibriúcháin Microsoft Windows. Tá na ceannfhocail uile san fhoclóir le fáil sa leagan seo móide 25% de na habairtí samplacha agus roinnt ceannfhocal breise. Luaitear eolas cuimsitheach gramadaí le gach ceannfhocal.

GaelSpell

Is litreoir cumhachtach é GaelSpell a oibríonn laistigh de Microsoft Word chun cabhrú le daoine fadhbanna litrithe a aimsiú agus a cheartú. Tá GaelSpell úsáideach dóibh siúd uile a bhaineann úsáid as an nGaeilge ar ríomhairí – idir mhic léinn, mhúinteoirí, léachtóirí agus iriseoirí. Ní gá na gutaí in ‘Gaeilge’ a mheascadh ná sínte fada a fhágáil ar lár arís.

Fingal County Council, County Hall, Main Street, Swords, Fingal, Co. Dublin. Tel: 01 890 5000. www.fingalcoco.ie. Aertel p624.

Fingal News is published by Fingal County Council. If you have suggestions about articles you would like to see in the publication please email fingalnews@fingalcoco.ie or call 01 890 5453/01 870 4453. Fingal News is printed on environmentally-friendly paper. Designed by fabrice@encoredesign.eu Page 1  |  Page 2  |  Page 3  |  Page 4  |  Page 5  |  Page 6  |  Page 7  |  Page 8
Produced with Yudu - www.yudu.com